Méid an Téacs

Gaelscoil Cheatharlach ag Féile Peile Gael Linn

Meitheamh 11, 2013

Tionóladh Féile Peile Gael Linn do bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna Chúige Laighean i nGaeltacht Ráth Chairn le déanaí.
Ghlac foireann Ghaelscoil Cheatharlach go fonnmhar leis an gcuireadh chun a bheith páirteach agus thaisteal siad chuig Gaeltacht ghlas na Mí.

Bhí suas le 150 scoláire, mar aon lena gcuid múinteoirí ó Ghaelscoil Phort Laoise, Gaelscoil Mhuileann gCearr, Gaelscoil Cheatharlach, Gaelscoil na hUaimhe, Gaelscoil Chill Choca, Gaelscoil Chill Dara, Scoil Santain, Tamhlacht agus Scoil Náisiúnta Ráth Chairn, páirteach san ócáid ráthúil.

Cuireadh tús leis an scléip nuair a tháinig na foirne le chéile i Ráth Chairn tráthnóna Dé Céadaoin, 29 Bealtaine. Ocht bhfoireann san iomlán a bhí i láthair, agus roinneadh i ndá ghrúpa iad. Bhí dhá chluiche le himirt ag gach foireann an tráthnóna sin. Bhí na foirne meascaithe, le naonúr imreoirí an taobh, agus de réir na rialacha, bhí sé éigeantach go mbeadh ar a laghad ceathrar cailíní ar an bpáirc ag gach foireann i rith an ama. Nuair a bhí na cluichí thart agus an dinnéar ite, ghlac na daltaí páirt sa quiz boird, ceolchoirm agus céilí a cuireadh ar siúl dóibh san Ionad Pobail. Socraíodh lóistín oíche dóibh le muintir na háite. Bhí an tríú cluiche le himirt ag na foirne uilig maidin lá arna mhárach. D’imir daltaí Cheatharlach go hiontach agus bhuadar a dtrí chluiche chun cáiliú don leathchraobh i gcoinne Ghaelscoil Chill Dara. Bua iontach eile acu agus bhíodar sa chraobh! An-chluiche go deo a bhí sa chraobh idir Ghaelscoil an Mhuilinn, An Muileann gCearr agus Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach, ach is ag An Muileann gCearr a bhí an bua ar deireadh, le scór 1-9 go 1-5.

Ba é Tadhg Ó Ceallaigh a bhí mar chaptaen ar fhoireann Cheatharlach. Bhí díomá orthu nár éirigh leo an corn a thabhairt abhaile leo ach bhíodar breá sásta go ndearnadar a ndícheall. Agus saoire álainn sa Ghaeltacht acu lena chois. Maith sibh a bhuachaillí agus a chailíní agus míle buíochas le Gael Linn.

www.carlow-nationalist.ie