Méid an Téacs

Gaelscoileanna ag moladh do lucht an oideachais Ghaelaigh scríobh chuig an Aire faoina phleananna nua scoile

Iúil 10, 2013

Tá an eagraíocht Gaelscoileanna ag iarraidh ar chathaoirligh agus ar phríomhoidí ar scoileanna lán-Ghaeilge litreacha a scríobh chuig an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, maidir le rialacha nua iontrála atá molta.

Tá dréachtbhille á ullmhú ag Quinn faoi láthair chun rialachán a chur faoin chleachtas iontrála i scoileanna lán-Ghaeilge, idir bhunleibhéal agus iarbhunleibhéal. Tá súil aige go mbeidh an dréachtbhille os comhair na Dála sula scoirfidh sí ar 18ú Iúil. Idir an dá linn, scríobh ardfheidhmeannach Gaelscoileanna, Bláthnaid Ní Ghreacháin, chuig cathaoirligh na scoileanna ag impí orthu a n-imní a chur in iúl don Aire agus d’ardrúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, maidir leis na himpleachtaí a bheadh ag na moltaí seo don Ghaelscolaíocht. Táthar buartha nach mbeidh cead ag na Gaelscoileanna rogha a bheith acu tús áite a thabhairt sa phróiseas iontrála do pháistí theaghlaigh lán-Ghaeilge nó i gcás na nGaelcholáistí do pháistí a d’fhreastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge. Chas toscaireacht ó Ghaelscoileanna le teachtaí traspháirtí leis an ábhar a phlé i mí an Mheithimh. Táthar ag fanacht anois le dáta le dul os comhair an Chomhchoiste Oideachais. 

www.irishtimes.com