Méid an Téacs

Gilmore ag tacú leis an nGaeilge

Eanáir 24, 2011

Agus baol ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011, thug Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta cuireadh do na páirtithe leasmhara teacht le chéile leis seo a phlé ag cruinniú i gCathair na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine.

Airíodh eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, agus eagraíochtaí Gaeltachta i measc na ngrúpaí ionadaíochta a d’fhreastail ar chruinniú Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta, agus cruinniú sásúil, spreagúil a bhí ann dar le Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta:

“Is léir anois do pholaiteoirí na tíre seo go bhfuil páirtithe leasmhara na Gaeilge aontaithe le chéile ar an ábhar seo agus olltoghchán 2011 ag teannadh orainn go gasta. Beidh feachtas láidir ann go mbeidh gach páirtí polaitiúil ag tacú leis an éileamh go gcoinneofaí an Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi, agus go n-athrófar an tslí a mhúintear agus a fhoghlaimítear an Ghaeilge go suntasach amach anseo.”
 
Dheimhnigh Éamon Gilmore, ceannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, do thoscaireacht Chonradh na Gaeilge go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre chun seasamh le pobal na teanga agus an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar Ardteiste ag cruinniú leis an eagras Gaeilge níos luaithe sa tseachtain freisin.
 
Agus é ag caint faoin chéad chéim eile dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Beidh cruinnithe poiblí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ar fud na tíre go luath le deis a thabhairt don phobal tacaíocht a léiriú don fheachtas ríthábhachtach seo, mar is gá le tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla ar fad a fháil le seasamh leis an nGaeilge mar phríomhábhar Ardteiste.”

Foilsithe ar Galport.com 24 Eanáir 2011
www.cnag.ie