Méid an Téacs

Glór Uachtar Tíre ag neartú na Gaeilge i nDeisceart an Dúin

Feabhra 1, 2012

Tá go leor dul chun cinn déanta ag an Ghaeilge in Ultaibh le glúin anuas ach ní minic a luaitear Caisleán Uidhlín / Caisleán an Mhuilinn ar na háiteanna is mó chun cinn sa ghluaiseacht sin.

Tá cuma ar an scéal go bhfuil sé sin ag athrú anois áfach le go leor dul chun cinn déanta ar an bhaile seo agus sa cheantar máguaird le blianta beaga anuas.

“Creidim go raibh suim i gcónaí i gcursaí Gaeilge sa cheantar seo,” a deir Emer O’Hagan, an t-Oifigeach Forbartha Gaeilge atá fostaithe ag an ghrúpa Gaeilge áitiúil, Glór Uachtar Tíre.

“Mar shampla ba é Feis an Dúin ceann de na chéad fheiseanna socraithe in Éirinn agus bhí traidisiún ag cuid mór scoileanna sa cheantar béim a chur ar an Ghaeilge mar ábhar scoile le trí nó ceithre ghlúin anuas ar a laghad,” a deir sí.

“Is dóigh go raibh cuid mhór den ghnáthshaol iontach príobháideach i rith na dtrioblóidí agus bhí sé sin fíor go speisialta i gcás na Gaeilge de, nuair a rinneadh dlúthbhaint idir Gaeilge agus cúrsaí polaitiúla in intinn fhormhór na ndaoine. Dá bharr sin ní raibh sé de nós ag daoine Gaeilge a labhairt ná í a chéiliúradh go hoscailte go dtí le déanaí nuair atá gluaiseacht ar bun chun Gaeilge a scaoileadh de réir a chéile ón cheangailt pholaitiúil sin.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil rath tagtha ar íomhá na Gaeilge go ginearálta fud fad na tíre agus sílim go ndeachaigh sin i bhfeidhm i gceantar an Dúin Theas chomh maith.”

Ach go fóill féin, an bhfuil Contae an Dúin i bhfad siar ar cheantracha eile sa Tuaisceart?

“Níl aon amhras ann ná go bhfuil an-dul chun cinn déanta i mBéal Feirste ó thaobh Gaeilge de; níl comparáid ar bith le Bóthar Seoighe, Raidió Fáilte ná Cultúrlann McAdam ó Fiaich againn sa Dún Theas.”

“Is dóigh go bhfuil an mhais chriticiúil ar fáil sna cathracha nach bhfuil againn faoin tuath. Ach tá buntáistí ar fáil sna bailte beaga anseo, agus go bhfios domh, i gCaisleán an Mhuilinn go speisialta, atá riachtanach má tá pobal Gaeilge le tógail; tá dlúthchaidreamh i gcomhluadar an phobail, tá dinimic idirphearsanta iontach dearfach ar fáil sa phobal agus taithí agus traidisiúin sa phobal chun imeachtaí cultúrtha móra, suimiúla a eagrú. Agus sin ráite, níl muid i bhfad ar chúl shaothar Bhéal Feirste ach oiread!”

Luann Emer an dea-thionchar a bhí ag ‘G-Day’, a bhí mar chuid den chlár teilifíse ‘G-Team’ a bheas á chraoladh go luath ar TG4, ar chúrsaí Gaeilge ar an bhaile.

“B’iontach an deis é sin,” a deir sí. “Lá den scoth a bhí ann don bhaile ar fad, bhí gach uile dhuine páirteach ann.”

Tá grúpa Gaeilge ag feidhmiú ar an bhaile agus sa cheantar máguaird, Glór Uachtar Tíre a bunaíodh in 1993.

Bronnadh deontas £140,000 ar Ghlór Uachtar Tíre anuraidh faoin Scéim Phobail Gaeilge 2011-2013 atá socraithe ag Foras na Gaeilge. Faoi láthair tá 170 ball ag Glór Uachtar Tíre agus tá 11 duine ar choiste an ghrúpa.

Cad atá ar bun ag Glór Uachtar Tíre?

“Tá cuid mhór imeachtaí ar bun againn faoi láthair. Tá seacht rang eagraithe ag Glór Uachtar Tíre gach seachtain ar gach leibhéal; ó bhunranganna fá choinne tuismitheoirí na bpáistí ata ag freastal ar Bhunscoil Bheanna Boirche agus Naíscoil Uachtar Tíre, rang GCSE agus suas go dtí Ardrang.”

“Tá ranganna amhránaíochta agus cóir bunaithe againn agus tá scoil drámaíochta againn fá choinne páistí agus déagóirí .”

“Tugann muid cuidiú grúpa ‘Tuismitheoirí agus Tachrán’ le chéile gach maidin Dé hAoine.”

“Bíonn grúpa beag spraoi fá choinne páistí óga ar siúl gach maidin Sathairn le haghaidh na bpáistí ó Naíscoil Uachtar Tíre nach dtéann ar aghaidh go dtí Bunscoil Bheanna Boirche ar fháthanna éagsúla d’ainneoin go mbíonn fonn ar a gcuid tuismitheorí go mbeadh deis acu a gcuid Gaeilge a choimeád agus a fheabhsú.”

Tá súil ag Glór Uachtar Tíre ‘Scoil Samhraidh Litríochta’, dírithe ar thraidisiúin Gaeilge an Dúin, a thoiseacht i mí an Mheithimh i mbliana agus é a reáchtáil ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin.

Cé mhéad Gaeilgeoir laethúil agus teaghlach Gaelach atá agaibh sa cheantar?

“Níl mé róchinnte faoi sin. Tá suirbhé uainn chun sin a mheas i gceart. Tá aithne agam ar cheithre lánúin atá ag tógail a gcuid páistí trí mheán na Gaeilge. Tá gach seans go bhfuil tuilleadh ann. Ó thaobh Gaeilgeoirí laethúla de, déarfainn go bhfuil na céadta daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu thart anseo.”

“Tá 36 páiste ag freastal ar Naíscoil Uachtar Tíre (idir dhá sheisiún) agus 75 páiste ag freastal ar Bhunscoil Bheanna Boirche.”

Cuireadh tús le hIonad Gaeilge sa mheánscoil ar an bhaile, Scoil Naomh Mhaolmhaodhóg, i mbliana. Déantar deich n-ábhar fríd an Ghaeilge, sin 75% de na hábhair, agus tá cúigear ag freastal air go dtí seo.

Tá suíomh idirlín snasta nua ag Glór Uachtar Tíre –http://www.gloruachtartire.com/

GAELSCÉAL