Méid an Téacs

Gradam Speisialta do Raidió na Life as ‘Scoth na Seirbhíse le 20 Bliain’ & ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide 2013

Bealtaine 21, 2013

Bronnadh Gradam Speisialta ar Raidió na Life as Scoth na Seirbhíse le 20 Bliain (1993 – 2013) ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2013 ag ócáid i nGaillimh Dé hAoine seo caite 17ú Bealtaine. Ag ócáid stairiúil i stair 20 bliain an stáisiúin bronnadh duais ar Raidió na Life freisin do ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’ dá suíomh idirlín nua-sheolta www.raidionalife.ie a seoladh le linn sheoladh bhliain cheiliúrtha ‘20 Bliain Beo’ an stáisiúin le linn Sheachtain na Gaeilge níos túisce i mbliana.

“Tá Raidió na Life ag treabhadh leo leis na blianta le scéalta na príomhchathrach a chur inár láthair trí mheán na Gaeilge agus tá ríméad orainn an t-aitheantas atá tuillte acu mar cheann de na stáisiúin raidió pobail is bisiúla agus is fuinniúla sa tír a thabhairt dóibh,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

Ag caint dó i ndiaidh don stáisiún an dá ghradam a thabhairt leo, dúirt Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life: “Údar mórtais ar leith dúinn an t-aitheantas seo a fháil ó Oireachtas na Gaeilge leis an nGradam Speisialta atá bronnta acu orainn as scoth na seirbhíse raidió pobail a chur ar fáil do Ghaeil na hArdchathrach le scór bliain anuas. Ar ndóigh, tá Raidió na Life anois ar fáil ar fud na tíre agus ar fud na cruinne tríd an aip do ghutháin chliste atá ar fáil saor in aisce ó shiopaí Google Play & iTunes agus ar ndóigh trínár láithreán gréasáin www.raidionalife.ie. Táimid thar a bheith bródúil gradam Láithreán Gréasáin na Bliana a bhuachaint ag na Gradaim Chumarsáide i mbliana freisin, go háirithe agus é in ardchomhluadar sa rannóg céanna le gaelport.com ; meoneile.ie; beo.ie agus láithreán chlár Cúla 4 TG4, www.tg4.ie/ie/programmes/cula4.html.”

Bliain éachtach a bhí ann go dtí seo do Raidió na Life agus iad ag ceiliúradh fiche bliain beo ar an aer. Bronnadh gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ orthu i nGradaim na Meán Ceilteach (‘Celtic Media Awards’) 2013 an mhí seo caite ag searmanas in Abertawe (Swansea) na Breataine Bige le linn Fhéile na Meán Ceilteach 2013. Déanann an fhéile sin ceiliúradh ar na meáin a chuireann teangacha & cultúir na dtíortha Cheilteacha chun cinn. Is é Raidió na Life an chéad stáisiún raidió pobail le gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ a bhuachaint i stair 34 bliain na féile – gradam atá buaite ag stáisiúin mhóra ar nós RTÉ Radio 1 & RTÉ Raidió na Gaeltachta roimhe seo. Bhí RnaG, BBC Radio Wales, BBC Radio Cymru & BBC Raidio nan Gàidheal ainmnithe taobh le taobh le buaiteoirí Raidió na Life i mbliana.

“Ag amanna bíonn sé deacair do Raidió na Life agus muid ag treabhadh linn le díreach triúr ball foirne lánaimseartha agus duine amháin páirtaimseartha agus muid ag iarraidh seasamh taobh le taobh leis na stáisiúin mhóra go mbíonn na scórtha nó na céadta fostaithe go lánaimseartha acu. Mar stáisiún pobail is ar bhonn deonach a ghlacann craoltóirí RnaL páirt sa stáisiún agus glacann 100-150 craoltóir deonach páirt sa stáisiún seo gach uile sheachtain den bhliain, le gan ach triúr foirne lánaimseartha agus maor deireadh seachtaine páirtaimseartha againn. Is éacht é an méid a bhainimid amach nuair a smaoiníonn tú air!

Gabhaimid buíochas ar leith le Foras na Gaeilge a chuireann maoiniú riachtanach ar fáil dúinn le tionscnamh Raidió na Life a choinneáil ag imeacht ó bhliain go bliain. Táimid thar a bheith buíoch don aitheantas a thugtar dúinn leis na gradaim ar nós Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus Gradaim na Meán Ceilteach agus táimid an-dearfach faoi thodhchaí an stáisiúin,” a dúirt Muiris.

Tá grianghraif ó Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais le feiceáil ag: http://www.seanomainnin.com/p815111731

Faoi Raidió na Life:
Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 1993 mar stáisiún pobail sainspéise.

Tá cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a thugann dearcadh eile ar chúrsaí nuachta is cúrsaí cultúrtha d’éisteoirí. Aithnítear an stáisiún as ucht a réimse eicléictiúil ceoil, lena n-áirítear popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol ailtéarnach, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol leictreonah/damhsa, dord & droma, hip hop, r’n’b srl. – agus na cláir go léir curtha i láthair trí Ghaeilge.

Tá cúpla míle craoltóir deonach tar éis taithí chraolacháin a fháil le RnaL thar na blianta, ina measc Sharon Ní Bheoláin, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Clíona Ní Chíosáin (Aifric TG4), Aodhán Ó Ríordáin TD, Rónán Ó Muirthile (Láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk & Léiritheoir Teilifíse), Cormac Ó hEadhra (Cormac ag a 5, RnaG); Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104), Darragh Ó Tuama (Newstalk), Maggie Bhreathnach (Red Shoe Productions), Tristan Rosenstock (Láithreoir Imeall ar TG4) agus neart eile nach iad. Craolann RnaL 7 lá sa tseachtain ar 106.4FM in Átha Cliath agus beo ar líne ag raidionalife.ie.

Bronnadh An Gradam Pobail ar an stáisiún sa Bharr 50 Gnó le Gaeilge 2010 agus bhuaigh sé Duais Údarás Craolacháin na hÉireann don Stáisiúin Raidió Pobail is fearr i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael sa bhliain chéanna.

Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge.