Méid an Téacs

Lá Oscailte Ghaelscoil Dhroichead na Bandan

Lúnasa 17, 2012

TÁ lá oscailte le bheith ag Gaelscoil nua i gContae Chorcaí Dé Domhnaigh seo chugainn chun cur leis an suim sa ghaelscolaíocht sa cheantar.
Is i nDroichead na Bandan a osclóidh an Ghaelscoil is déanaí sa chontae agus tá dóchas láidir i measc lucht a bunaithe go n-éireoidh chomh geal léi agus a d’éirigh le gaelscoileanna i gCloch na Coillte, Beanntraí agus An Sciobairín.
Tá an Ghaelscoil nua suite faoi láthair i gclubtheach an CLG ar an mbaile. Traolach Ó Donnabháin atá ina chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta – tarlaíonn sé go bhfuil sé freisin sa phost céanna ar an mBord Bainistíochta i gCloch na Coillte a ch ní miste leis an cúram breise.
“Tá ana ríméad orainn go bhfuil céim eile tógtha ag an nGaelscolaíocht sa cheantar seo, iarthar Chorcaí, agus go bhfuil Droichead na Bandan anois i gciorcal caradach na Gaelscolaíochta,” ar sé. “Beimid ag súil go mbeidh ár ndóthain daltaí againn chun tús a chur leis an bhforás anseo i nDroichead na Bandan, mar a tharla roimhe seo ar mo bhaile dúchais féin, Cloch na Coillte, agus ar an Sciobairín agus Beanntraí freisin.”
An tseachtain seo caite fuair muintir Chloch na Coillte cead pleanála d’fhoirgneamh nua sé sheomra dhéag dá nGaelscoil. De réir plean nua atá ag an Roinn Oideachais, tá ceangal ar an bhforbróir an foirgneamh a chríochnú go hiomlán laistigh de 30 seachtain, rud a chiallaíonn go mbeidh 320 dalta na Gaelscoile agus an fhoireann de 25 ag bogadh isteach go dtí a bhfoirgneamh nua ag tús na scoilbhliana seo chugainn, 2013-14.
Foilseofar gné-alt faoin obair éachtach atá ar bun i gCloch na Coillte an tseachtain seo chugainn i nGaelscéal.

http://www.gaelsceal.ie/