Méid an Téacs

Laghdú le déanamh ag an Roinn Oideachais ar an riachtanas Gaeilge do choláistí oiliúna

Aibreán 6, 2016

Beifear in ann áit a fháil sna coláistí oiliúna gan an páipéar scrúdaithe scríofa Gaeilge a dhéanamh ar chor ar bith de réir na n-íosriachtanas nua iontrála a thiocfaidh i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2017.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie gurb é an bunriachtanas iontrála do na coláistí oiliúna a bheidh ann don Ghaeilge faoin gcóras nua ná ‘H5’, nó 50-59%.

Faoi láthair, teastaíonn ar a laghad 55%, nó C3, i scrúdú Gaeilge na hArdteiste ó dhaltaí ar mhaith leo céim sa bhunmhúinteoireacht a dhéanamh.

Féadtar suas le 40% de mharcanna iomlán an scrúdaithe a fháil ar an scrúdú cainte agus suas le 10% a fháil ar an gcluastuiscint, rud a fhágann go bhféadfadh dalta a dhóthain marcanna a ghnóthú le háit a fháil sna coláistí oiliúna gan an scrúdú scríofa a dhéanamh ar chor ar bith.

Dúirt Pádraig Ó Duibhir, cláraitheoir Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, le Tuairisc.ie gur “ábhar buartha” é nár thapaigh an Roinn Oideachais an deis an t-íosriachtanas a ardú go 60%.

“Cuireann sé ionadh orm gur glacadh leis an gcinneadh sin, tá go leor ráite i gcaitheamh na mblianta faoi chaighdeán Gaeilge na n-ábhar oidí. Ní haon rún é go raibh an grád C3 íseal mar a bhí agus bheinn buartha go bhfuil sé íslithe anois go 50%.

“An rud a thuig mé faoin athrú atá le teacht i mí Mheán Fómhair ná nach mbeadh an mhapáil idir an dá chóras díreach, agus ghlac mé leis go n-ardófaí an bunriachtanas go 60% mar a bhí á mholadh ag an gComhairle Múinteoireachta. Cuireann sé ionadh orm nár tapaíodh an deis sin,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Duibhir go mbeidh sé ag áitiú ar an Roinn Oideachais an bunriachtanas iontrála a ardú nuair a dhéanfar an córas nua grádaithe a athbhreithniú sa bhliain 2018.

“Bhí tráth ann nuair a bhíodh daoine in ann an Ghaeilge a scríobh ach gan a bheith in ann í a labhairt. Bheinn buartha go leagtar an iomarca béime ar na scileanna labhartha anois agus nach dtuigtear an tábhacht a bhaineann leis an léamh agus an scríobh.

“Tá na scileanna uilig tábhachtach le bheith i do mhúinteoir bunscoile. Teastaíonn cumas cumarsáide agus muinín. Níl an t-am againn anseo a bheith ag tabhairt mac léinn a bheadh an-lag ó thaobh na Gaeilge de go dtí an leibhéal a theastaíonn leis an teanga a mhúineadh ó na naíonáin bheaga go dtí rang a sé,” a dúirt sé.

Cé go “dtugann sé an teachtaireacht mhícheart” faoin mbunmhúinteoireacht go bhfuil an bunriachtanas laghdaithe go 50%, dúirt Ó Duibhir go mbíonn grád B (70%) nó níos airde ag formhór mór na ndaltaí Ardteiste a chláraíonn leis an gcúrsa oiliúna.
Dúirt Séamie Ó Néill, Stiúrthóir Oideachais Froebel in Ollscoil Mhá Nuad go bhfuil sé níos tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de go mbeadh an córas sna coláistí oiliúna féin níos fearr ná mar atá.

“Bheadh sé níos fearr ar ndóigh dá mbeadh an bunriachtanas ag 70% ach tá ceithre bliana acu chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge sna coláistí oiliúna.

“Tá an-dul chun cinn déanta le ceithre bliana anuas, bronnfar céimeanna ar na mic léinn a rinne cúrsa ceithre bliana den chéad uair i mbliana, agus ceapaim go bhfuil an caighdeán ag feabhsú.

“Ní dóigh liom go bhfuil an Ardteist sách maith le measúnú a dhéanamh ar an nGaeilge. Caithfidh muid a theacht suas le córas nua measúnaithe. Tá daoine ag teacht isteach cheana féin gan cumas sa Ghaeilge agus B1 acu san Ardteist,” a dúirt Ó Néill.
Dúirt sé, áfach, gur ábhar dóchais líon na ndaltaí ó Ghaelscoileanna atá ag cur isteach ar na cúrsaí oiliúna le blianta beaga anuas.

“D’fhreastail 25% de lucht na chéad bhliana i mbliana ar Ghaelscoil. Tá sé sin ag cabhrú leis an gcaighdeán. Tá sé le feiceáil iontu go bhfuil siad níos báúla don Ghaeilge, sa choláiste féin agus in Aontas na Mac Léinn. Bhí go leor Gaeilge á labhairt ag Ard-Fheis Aontas na Mac Léinn in Éirinn an tseachtain seo caite. Tá na rudaí seo ag tarlú mar gheall ar an mborradh a tháinig faoin nGaelscolaíocht thart ar 15 bliain ó shin.

“An ndéanfaidh titim 5% difríocht? N’fheadar, ach sílim go bhfuil sé níos tábhachtaí an ceithre bliana atá againn a úsáid i gceart agus lán tairbhe a bhaint astu,” a dúirt sé.

www.tuairisc.ie