Méid an Téacs

Leanfaidh an feachtas le Gaeilge a chosaint

Márta 3, 2011

Is céim sa treo ceart an tuairim a thug Enda Kenny ar RnaG

LEANFAIDH feachtasóirí Gaeilge orthu chun an Ghaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach don Ardteist, go dtí go dtabharfaidh Enda Kenny cúl lena pholasaí Gaeilge. Cuireadh fáilte roimh ráiteas Kenny le gairid ina ndúirt sé go ndéanfaidh sé taighde eolaíoch ar mhúineadh na Gaeilge sula ndéanfar athrú ar bith ar an gcóras oideachais. Dar le hÉamonn Mac Niallais, urlabhraí do Ghuth na Gaeltachta, is céim sa treo ceart an tuairim seo a thug Enda Kenny ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ach nach ndéanfar dearmad ar an gceist seo toisc go bhfuil an t-olltoghchán thart. “Go dtí seo níl ann ach moladh pearsanta a bhí ag Enda Kenny, nach raibhbunaithe ar aon taighde nó comhairliúchán fiú le daoine ina pháirtí féin. Dúirt Dinny Mc Ginley nár labhair sé leis ar chor ar bith faoi. Is é an t-aon rud nach bhfuil ráite ag Enda Kenny ná an mbeidh sé sásta glacadh le pé moltaí a thagann as an taighde seo?” a dúirt sé.

Beidh sé ag cuardach cruinnithe leis an Taoiseach nua, leis an Aire Oideachais nua chomh maith leis an Aire Gaeltachta nua chun ceist na Gaeilge a phlé nuair a cheaptar iad. Níor éirigh le Mac Niallais agus a chomhfheachtasóirí bualadh le Enda Kenny i rith an fheachtais olltoghcháin ach tá sé dóchasach go leor go dtiocfaidh athrú ar an scéal seo go luath. Dúirt sé le Foinse: “Is cinnte go raibh sé sásta labhairt leis na meáin faoin ábhar seo ach go dtí seo ní raibh sé sásta bualadh linne. Sílim go mbeidh sé sásta bualadh linn anois agus an t-olltoghchán thart. Deir sé go bhfuil sé ag déanamh an méid seo ar son na teanga; táimid uilig á dhéanamh seo ar son na teanga.” Beidh an tUasal Mac Niallais agus Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge ag reáchtáil cruinniú eile ag 2pm ar an 11 Márta in óstán Menlo Park i gcathair na Gaillimhe.

Tá siad ag súil go mbaileoidh daoine le chéile chun an saineolas atá acu ar ról na Gaeilge sa chóras oideachais a roinnt agus chun liosta moltaí do Enda Kenny a chur le chéile. Dúirt sé: “Is gá breathnú ar an gcóras ina iomláine, ní amháin an Ardteist agus tá sé sin ar eolas ag Enda Kenny. “Beidh muid ag tabhairt daoine le chéile arís chun an taighde agus an saineolas atá againn a chur le chéile; cé na moltaí atá againn, cén dóigh is fearr chun an taighde sin a dhéanamh. Tá trí cheist againn do Enda Kenny:

1. An mbeidh COGG i gceannas ar an taighde eolaíoch a choimisiúnú?
2. Cén scála ama a bheidh i gceist?
3. Cén critéar a bheidh ann sa taighde?

Creideann Mac Niallais go léireoidh an taighde eolaíochta seo gur tubaiste don teanga a bheadh ann, deireadh a chur leis an nGaeilge mar chroíábhar Ardteiste. Dúirt sé le Foinse nach gcreideann saineolaí ar bith go dtiocfadh bláth nó fás ar an teanga le polasaí mar seo. “Níl aon dabht faoi ach go bhfuil teipthe ar an gcóras an líofacht Ghaeilge a thabhairt do dhaltaí a ba mhaith linn” a dúirt sé. “É sin ráite, níl teipthe ar an gcóras go hiomlán mar go bhfuil cuid mhaith daoine a bhfuil líofacht mhaith bainte amach acu. Mar sin de, séard atá le déanamh ná taighde a dhéanamh ar an chaighdeán atá á bhaint amach i gcomparáid leis an chaighdeán inmhianaithe. Ní amháin sin ach ba chóir ansin breathnú ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta ó thaobh múineadh agus sealbhú mionteangacha de.” Táthar ag súil go ndeimhneofar Enda Kenny mar Thaoiseach ar chomhrialtas nua le Páirtí an Lucht Oibre, páirtí a thacaíonn leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach. Is é seo an toradh is fearr riamh do lucht Fhine Gael agus 76 suíochán buaite acu go dtí seo. D’éirigh le Páirtí an Lucht Oibre 37 suíochán a fháil agus chaill Fianna Fáil níos mó ná caoga suíochán. D’éirigh go maith le Sinn Féin freisin, páirtí a bhfuil polasaí láidir Gaeilge acu chomh maith. Tá 14 shuíochán buaite acu san olltoghchán seo, níos mó suíochán ná le 90 bliain anuas.

Foinse – Orla Bradshaw