Méid an Téacs

Lear mór gearán faighte ag RTÉ faoin nGaeilge

Feabhra 25, 2014

Bhí Bláthnaid Ní Chofaigh ar The Saturday Night Show Dé Sathairn, agus í ag plé cearta teanga, ach ba é líon na ngearán a fuair RTÉ maidir le seó na seachtaine roimhe sin ab chúis leis an gcuireadh a fuair sí.

De réir cosúlachta, tháinig lear mór gearán chuig RTÉ maidir le ráitis Brendan O’Connor agus é ag scigireacht faoi Lá Mór na Gaeilge a tionóladh i mBaile Átha Cliath. Dar le O’Connor nárbh fhios céard a theastaigh ón slua an lá sin, mar gurbh i nGaeilge a bhí a gcuid éilimh.

Ní haon iontas gur tháinig lear mór ghearán chuig RTÉ ar an ábhar seo, agus baill an phobail den bharúil gur sháraigh an craolacháin seo an Cód um Chothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht.

I measc na ngearán a fuarthas, bhí ceann ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ach go deimhin bhí níos mó ná clár O’Connor amháin ag cur as don Chomhdháil. Trí ghearán in iomlán atá déanta ag an gComhdháil an mhí seo maidir le hábhar a measadh a bhí claonta i gcoinne na Gaeilge. Bhain gearáin na Comhdhála le trí chlár ar leith a craoladh ar RTÉ, The Late Late Show, The Saturday Night Show agus European Parliament Report.

The Late Late Show

Ar an gclár The Late Late Show a craoladh ar Dé hAoine, 07 Feabhra 2014, i dtreo dheireadh an chláir, agus an aoichainteoir Aled Jones faoi agallamh, tharraing Ryan Tubridy amach comharthaí bóthair agus é ag iarradh ar an aoichainteoir iad a léamh amach. Chuir an láithreoir comhartha faoi bhráid an aoichainteora le leagan aistrithe den logainm Muiceanach Idir Dhá Sháile agus thosaigh sé féin ag magadh go raibh an logainm sin chomh casta sin is nach mbeadh sé féin in ann é a rá.

Mheabhraigh An Chomhdháil do RTÉ ina ghearán gur fearr úsáid a bhaint as an leagan Gaeilge de logainm Gaeltachta mar atá sé san Ordú Logainmneacha, agus mar sin gur cheart gur ‘Muiceanach Idir Dhá Sháile’ a bheadh luaite ar an gcomhartha seo, agus ní leagan aistrithe go Béarla. Mhaígh an Chomhdháil gur léirigh an mhír seo, agus iompar an láithreora lena linn easpa measa ar phobal na Gaeilge.

European Parliament Report

Rinne an Chomhdháil gearán freisin faoin gclár European Parliament Report a craoladh ar Dé Domhnaigh, 09 Feabhra 2014. Le linn an chláir seo, craoladh ráiteas ón bhFeisire Eorpach, Seán Kelly, agus é ag labhairt os comhair na Parlaiminte. Cé go raibh Seán Kelly le feiceáil sa mhír seo, ní raibh sé le cloisteáil, agus in áit a ghlór féin a chraoladh, craoladh glór ateangaire agus í ag déanamh ateangaireacht go Béarla. Mhaígh an Chomhdháil nach raibh cúis ar bith nach gcraolfaí an leagan Gaeilge den ráiteas agus meabhraíodh do RTÉ gurb í an Ghaeilge príomhtheanga oifigiúil na hÉireann.

Faoi réir alt 47 agus alt 48 den Acht Craolacháin 2009 tá dualgas ar gach craoltóir cleachtas a chur i bhfeidhm chun déileáil le gearáin. Tá an próiseas chun déileáil le gearáin atá á chur i bhfeidhm ag RTÉ ar fáil ag an nasc seo agus má tá saincheist ar leith ag dó na geirbe ort féin, is féidir do ghearán a chur chuig complaints@rte.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com