Méid an Téacs

Líon iontrálacha níos airde ná riamh do Chomórtas an Eolaí Óig 2015 do bhunscoileanna

Nollaig 9, 2014

I mbliana, bhí ardú 43% ar líon na n-iontrálacha a bhfuarthas do Chomórtas an Eolaí Óig do bhunscoileanna, le leath de na hiarratais seo ag teacht ó scoileanna nár chuir isteach air cheana. Chiallaigh sé seo go raibh ró-éileamh de 130% ar an gcomórtas.

I mí Eanáir, glacfaidh níos mó ná 2,700 dalta ó rang a ceathair, cúig agus sé, páirt sa chomórtas seo i gCumann Ríoga Bhaile Atha Cliath. I measc na scoileanna a ghlacfaidh páirt ann, tá na scoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta seo: Scoil na Maighdine Muire Gan Smál, Camus, Gaelscoil Eois, Cluain Eois, agus Gaelscoil Aonach Urmhumhan, Gort Lán Rua, an tAonach. Déanfaidh a gcuid tionscadal ranga na ceisteanna suimiúla seo a fhreagairt: ‘Cén toradh citris a bhfuil an méid is mó vitimín C ann?’, ‘Cén tionchar atá ag siúcra ar do leibhéal corpacmhainne?’ agus ‘Blas. Cén fáth go n-athraíonn sé?’.

Tiocfaidh daltaí ó 26 contae éagsúla ar fud na hÉireann agus beidh na 120 tionscadail ar taispeáint ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT ón 8ú-10ú Eanáir.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.rds.ie/primarysciencefair