Méid an Téacs

Litir chuig Eagarthóir an Sunday Independent maidir le Scoileanna lán-Ghaeilge

Márta 5, 2015

Maidir le: ‘Parents, not priests, driving segregation’

A Eagarthóir, a chara,

I gcolún Sarah Carey dar teideal ‘Parents, not priests, driving segregation’ (1ú Márta 2015), maítear gurb í an Ghaeilge an chonstaic iontrála is mó d’ inimircigh agus go bhfuil sé deacair teacht ar pháiste gorm i scoil lán-Ghaeilge (“up at the Gaelscoil, free from the critical eye of the Irish Times or anyone else, you’ll struggle to find a black child”). Níl aon bhunús leis an méid atáthar ag maíomh agus ní dhéanann sé ach steiréitíopaí claonta i dtaobh an oideachais lán-Ghaeilge a threisiú.

Freastalaíonn scoileanna lán-Ghaeilge ar pháistí ar gach leibhéal cumais sa Ghaeilge, agus gan Ghaeilge ar bith. Baintear úsáid as múnla an tumoideachais sna scoileanna, córas a chabhraíonn le daltaí líofacht a baint amach sa teanga go nádúrtha trí eispéireas laethúil i dtimpeallacht lán-Ghaeilge a chur ar fáil dóibh. Tá an tumoideachas oiriúnach agus ar fáil do gach páiste, beag beann ar a gcúlra sóisialta agus teanga nó a leibhéal cumais, páistí le riachtanais speisialta oideachais san áireamh.

Tá na scoileanna lán-Ghaeilge uileghabhálach agus ar fáil do chách. Cuireann siad fáilte roimh an ilchineálacht fhairsing shaibhir a thagann leis na páistí agus a dteaghlaigh, ó gach cúlra cultúrtha, cúlra teanga agus cúlra eitneach. Tugann na beartais rollaithe i roinnt bheag scoileanna tús áite do pháistí a labhraíonn an Ghaeilge sa bhaile, páistí a ndéanfaí faillí orthu oideachas a fháil ina dteanga dúchais murach sin. Ní tharlaíonn sé seo, áfach, ach amháin sa chás go mbíonn éileamh níos airde ar spásanna sa scoil ná mar atá ar fáil, díreach cosúil le critéar ar bith eile i mbeartas rollaithe scoile. Tá critéir na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le bunú scoileanna nua, atá i bhfeidhm ó 2011, tar éis bac a chur ar fhás scoileanna lán-Ghaeilge. De dheasca seo, tá ró-éileamh ar go leor de na scoileanna agus ní féidir leo freastal ar gach iarratasóir. Níl na hathruithe ó bhun atá molta ag Ms. Carey inchurtha i gcrích agus tá sé mífhreagrach agus seafóideach an milleán a chur ar scoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil near tar bith acu ar an riocht seo.

Léiríonn taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, araon, na buntáistí a bhaineann leis an tumoideachas. San áireamh anseo, tá: ilchultúrachas níos doimhne, caoinfhulaingt cultúir eile níos fearr agus níos lú ciníochais, inchultúrú níos forleithne (ag foghlaim agus ag glacadh fút féin luachanna cultúir eile), agus scileanna cumarsáide níos fearr. Toisc gurb í an Ghaeilge teanga chumarsáide gach gníomhaíocht scoile, níl páiste a labhraíonn beagán Béarla nó a labhraíonn Béarla ar bith faoi mhíbuntáiste ag clárú i scoil lán-Ghaeilge.

Is mór an éagóir ar thuismitheoirí na 45, 000 dalta atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge i láthair na huaire ag tabhairt le fios gur de bharr cúiseanna scothroghnacha a chláraigh siad a bpáiste i scoil lan-Ghaeilge. Déanann sé éagóir níos mó fós ar na tuismitheoirí siúd nach í an Ghaeilge ná an Béarla a dtéanga dhúchais, tuismitheoirí a dtuigeann go dtosóidh a gcuid páistí ar bhonn cothrom le daltaí eile a bheidh ag foghlaim trí mheán teanga atá úr nua dá bhformhór, i scoil ina bhfuil ardmheas aici ar an ilchineálacht.

Le meas,

Bláthnaid ní Ghréacháin
Ardfheidhmeannach, Gaelscoileanna Teo.