Méid an Téacs

Lucht na teanga ag cogaint staitisticí an daonáirimh go smior

Aibreán 4, 2012

“DEA-SCÉALA,” “ábhar buartha,” “leochaileach,” agus “tuar dóchais,” sin cuid den aischothú atá lucht na Gaeilge ag cur ar fáil faoi dhaonáireamh 2011 agus na staitisticí atá ann faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Thug an daonáireamh le fios go raibh méadú 7.1 faoin gcéad ar líon na ndaoine a dúirt go raibh Gaeilge acu i gcomparáid le daonáireamh 2006; bhí 1.77 milliún duine anois ag rá go raibh an teanga acu.

Thug beagán le cois 77,000 duine le fios gur labhair siad an teanga go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais; 110,642 duine a labhair an teanga go seachtainiúil agus 613,236 duine a dúirt nár labhair siad í ach go hannamh. Dúirt duine as gach ceathrar nár labhair siad an teanga in am ar bith.

Ina ainneoin sin, bhí ardú ar líon na ndaoine a bhí ag caint Gaeilge, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, ón bhliain 2006.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh “claonadh dearfach” sna figiúirí agus gur dea-scéala a bhí sa mhéid sin.

Shíl sé gur “méadú suntasach é an 7 faoin gcéad d’ardú go dtí 1.77 milliún a tháinig ar líon na ndaoine a dúirt go raibh Gaeilge acu ón daonáireamh i 2006 ach seans gur tábhachtaí fós an t-ardú 7 faoin gcéad a tháinig ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge.

“Díol suntais fosta é go raibh ardú 3 faoin gcéad ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht”.

Mar sin féin, dúirt sé gur mionlach a bhí ag caint Gaeilge sa chomhthéacs náisiúnta gach lá – 77,185 duine – ach mionlach “réasúnta mór muid nuair a smaoiníonn tú go bhfuil oiread againn ann agus a líonfadh Páirc an Chrócaigh go béal beagnach”.

Bhí an graf ag dul sa treo ceart ach níor cheart do lucht na Gaeilge “talamh slán a dhéanamh de” gur mar sin a bheadh an scéal i gcónaí mura gcuirfí an tacaíocht cheart ar fáil don teanga.

Ba “chúis imní ar leith é” an laghdú a tháinig ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i n Gaeltachtaí Mhaigh Eo, na Mí agus Phort Láirge ach bhí borradh ar leith faoi Ghaeltacht na Gaillimhe, áit a raibh beagnach leath de lucht labhartha laethúil na Gaeilge de chuid na gceantar Gaeltachta ar fad lonnaithe.

Bhí dhá dhúshlán mhóra roimh lucht na teanga: an líon ollmhór sin de dhaoine a bhí ag úsáid na teanga go laethúil sa chóras oideachais a iompú ina gcainteoirí gníomhacha Gaeilge taobh amuigh de na scoileanna agus an teanga a neartú sa Ghaeltacht le go bhfanfadh sí ina teanga phobail.

Bhí sé fuar san argóint fosta go raibh níos mó cainteoirí Polainnise sa Stát ná lucht na Gaeilge.

Ba bhreá an rud é éagsúlacht teangacha agus ba cheart tacú leis sin ach ba í an Ghaeilge “ár dteanga náisiúnta” agus ní raibh baol ar bith don Pholainnis agus 40 milliún cainteoir aici ar fud an domhain.

“Níor cheart dúinn aon náire a bheith orainn faoin tacaíocht a éilíonn muid dár dteanga féin sa chóras oideachais, sna seirbhísí craolta nó sa saol poiblí,” a dúirt sé.

Mheas Muireann Ní Mhóráin, ceannasaí na Comhairle um Oideachas Gaeltachta Gaelscolaíochta, gur léirigh an daonáireamh go raibh an Ghaeilge faoi bhrú sa Ghaeltacht agus “a thábhachtaí agus a bhí sé na cainteoirí dúchais óga a chosaint, sa chóras oideachais ach go háirithe”.

Léirigh taighde gur chruthaigh an córas oideachais Gaeltachta cainteoirí maithe Béarla ach gur tháinig lagú ar Ghaeilge na gcainteoirí dúchais a luaithe agus a chuaigh siad ar scoil, a dúirt sí.

Bhí “úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ag laghdú agus, de bharr gan aon athrú a theacht ar theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta, is deacair tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd atá sna ceantair láidre Ghaeltachta”.

Léirigh na figiúirí a bhain le cumas Gaeilge san aoisghrúpa os cionn 19 bliain d’aois nach raibh ag éirí le teagasc na Gaeilge sna scoileanna, a dúirt sí. (D’fhreagair duine as gach triúr san aoisghrúpa 10-19 bliain “no” ar an cheist “Can you speak Irish?”.) Ba ghá “aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo de réir mholtaí na straitéise 20 bliain,” a dúirt Ní Mhóráin

Shíl Éamonn Mac Niallais ón bhrúghrúpa, Guth na Gaeltachta, go raibh “tuar dóchais áirithe sna figiúirí seo ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn na Gaeltachta” ach “bhí fadhbanna móra le réiteach go fóill sa Ghaeltacht le cinntiú go mbeidh an teanga á seachadadh go dtí an chéad ghlúin eile agus tá muid ag fanacht leis an Bhille Gaeltachta agus an Clár úr Tacaíochta Teaghlaigh le feiceáil an bhfuil an Stát dáiríre faoi dhul i ngleic leis na fadhbanna seo”.

Bíodh sin mar atá, léirigh na staitisticí go raibh “seasamh láidir” go fóill ag an teanga “beag beann ar an drochphoiblíocht leanúnach a fhaigheann sí sna meáin Bhéarla”.

Agus é ag caint ar Adhmhaidin RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite, dúirt an saineolaí mata, Donncha Ó hÉalaithe, go raibh 24 faoin gcéad de phobal na Gaeltachta ag caint Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.

Mheas sé gur mar seo a bhí céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna ceantair mhóra Ghaeltachta: Corcaigh 26.4 faoin gcéad; Dún na nGall 29.6 faoin gcéad; cathair na Gaillimhe 4.4 faoin gcéad; contae na Gaillimhe 31.4 faoin gcéad; Ciarraí 29.6 faoin gcéad; Maigh Eo 11.1 faoin gcéad; An Mhí 18.5 faoin gcéad agus Port Láirge 25.9 faoin gcéad.

Ach dúirt sé go raibh na céatadáin seo go mór as a riocht de bharr an leagain amach a bhí ar theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta.

Bhí daonra na Gaeltachta os cionn 100,000 duine den chéad uair, agus 23,175 an líon cainteoirí laethúla Gaeilge a bhí ann taobh amuigh den chóras oideachais, méadú 660 duine, nó 3 faoin gcéad, ó 2006.

Dúirt ceannasaí Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, go raibh na staitisticí “luachmhar” agus go raibh impleachtaí iontu don straitéis 20 bliain agus do pholasaithe Fhoras na Gaeilge.

“Glao chun múscailte,” a bhí iontu, bíodh is nach raibh “aon taithí ann leas ceart a bhaint as foinsí taighde mar bhonn leis an bpleanáil teanga in Éirinn”. “Ábhar buartha” a bhí ann go raibh beirt as gach triúr dalta sa Ghaeltacht nár labhair Gaeilge taobh amuigh den scoil ach bheadh tuiscint ní b’fhearr air seo agus réiteach a fháil ar theorainneacha na Gaeltachta, a dúirt sé.

Dúirt príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, gur “rogha phearsanta” a bhí ann an Ghaeilge a labhairt. Bhí an foras ag iarraidh a chinntiú go mbeadh “infreastruchtúr ann do na cainteoirí Gaeilge sin a chuireann ar a gcumas acu maireachtáil go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge”.

Chuir stiúrthóir gníomhach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin de Barra, fáilte roimh an ardú ar líon na ndaoine a labhair Gaeilge. Ach ba mhór an dúshlán líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú go 250,000 mar a bhí beartaithe sa straitéis 20 bliain.

Bhí gníomhartha ar leith de dhíth leis an teanga a chur chun cinn; ina measc cosaint a thabhairt d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus struchtúr maoinithe buan, bunaithe ar phleanáil fhadtéarmach teanga, a chur ar fáil do na heagrais dheonacha.

Chuir Robert Dowds, Teachta Dála do Pháirtí an Lucht Oibre i mBaile Átha Cliath, fáilte roimh na figiúirí, á rá gur chóir go dtreiseodh an daonáireamh an díospóireacht gur chóir Gaeltacht a bhunú san ardchathair.

Léirigh na figiúirí, a dúirt sé, go raibh beagnach dhá thrian de na daoine a labhair Gaeilge go laethúil ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht. Ba mhian leis go dtabharfadh Bille na Gaeltachta aitheantas don fheiniméan sin agus Gaeltacht a dhéanamh de Chluain Dolcáin, mar shampla.

www.irishtimes.com