Méid an Téacs

Maoiniú €300,000 ceadaithe don Ghaeltacht

Meitheamh 26, 2012

Fógraíodh le déanaí go gcuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta €300,000 san iomlán ar fáil mar mhaoiniú do thionscadail Ghaeltachta sna míonna romhainn.

Freastalóidh an maoiniú ar cheantair Ghaeltachta éagsúla i nGaillimh, i gCiarraí agus i gContae Mhaigh Eo.

Rachaidh an t-airgead go mór i bhfeidhm ar na 6 thionscadal ar leith a d’fhógair  an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich le linn mhí an Mheithimh.

Tá an t-airgead curtha ar fáil do réimse leathan tionscadal, idir chinn reatha agus chinn nua.

Na figiúirí agus na tionscadail

Tá maoiniú dar luach €110,000 ceadaithe ag an Aire do Ghaelacadamh an Spidéil, a thacóidh leis an dul chun cinn atá á dhéanamh sa Ghaelacadamh ó thaobh an cheoil, an damhsa agus na hamhránaíochta de sa cheantar Gaeltachta.

Tá €100,000 soláthartha ag an Roinn do Chumann Lúthchleas Gael – Chomhairle Chonnacht  mar chúnamh costais don scéim oiliúna peile agus liathróid láimhe atá á reáchtáil faoi láthair i scoileanna Chonamara.  Tugann an scéim deis do dhaoine óga na Gaeltachta an teanga a úsáid go spraoiúil le linn shaol na scoile.

Gheobhaidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne €35,000 lena chomhordaitheoir Gaeilge reatha a fhostú agus a choinneáil mar fhreastalaí ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Ceadaíodh €29,000 d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – An Deisceart mar chúnamh tuarastail don teiripeoir urlabhra agus teanga Gaeilge a fhreastalaíonn ar phobal Chorca Dhuibhne faoi láthair.

Tabharfar deontas €15,000 do Chomhairle Contae na Gaillimhe mar chúnamh don fhoscadán nua a thógfar ag Cé an Chloiginn a fhreastalóidh ar mhuintir Inis Bó Finne.

Ceadaíodh €10,000 d’obair bheag athchóirithe i gColáíste uisce i gcontae Mhaigh Eo agus mar chúnamh dóibh fearas spóirt uisce a cheannach. €300,000 funding for An Ghaeltacht

Foilsithe ar Gaelport.com