Méid an Téacs

Maoiniú eagraíochtaí Gaeilge

Eanáir 23, 2014

Tá ainmneacha na heagraíochtaí atá roghnaithe le feidhmiú i 6 mhór-réimse oibre i saol na Gaeilge fógartha ag Foras na Gaeilge.

Déanfaidh na ceann-eagraíochtaí seo cúram ar leith den 6 réimse oibre seo. Is iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na ceann-eagraíochtaí atá roghnaithe agus beidh siad ag plé leis na réimsí sin ar fud an oileáin. Is toradh é an cinneadh seo ar phróiseas ar cuireadh tús leis i 2008, le comhordú agus atheagrú a dhéanamh ar na heagraíochtaí Gaeilge, 19 ina iomlán, a bhí á mhaoiniú ar bhonn bliantúil ag Foras na Gaeilge.

Tiocfaidh ceannasaithe na 6 cheann-eagraíocht nua-roghnaithe le chéile anois i bhFóram Comhpháirtíochta i gcuideachta le lucht ceannais Fhoras na Gaeilge le comhaontú a dhéanamh ar phleananna oibre don earnáil, agus ar bhealaí le bheith ag obair i bpáirt le chéile. Chomh maith leis sin, bunófar Fóram Forbartha Teanga le guth a thabhairt do phobal na Gaeilge i bpleananna a bheidh á mbeartú agus le deis a thabhairt d’ionadaithe ó phobal na Gaeilge aiseolas a thabhairt.

www.advertiser.ie