Méid an Téacs

Margaí speisialta ag Gaelchultúr do Sheachtain na Gaeilge 2015

Márta 3, 2015

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain agus tá sí ar an gceiliúradh is mó dá bhfuil ann ar ár dteanga agus ar ár gcultúr dúchais.

Táimidne i nGaelchultúr ag iarraidh tacú leis an gceiliúradh sin trí é a dhéanamh níos fusa do dhaoine ar fud na cruinne tabhairt faoin nGaeilge a fhoghlaim.

Chuige sin tá lascaine speisialta á cur ar fáil againn ar siopa.ie, ár siopa Gaeilge ar líne, agus ar ranganna.com, ár suíomh ríomhfhoghlama Gaeilge, as seo go dtí deireadh na féile (17 Márta 2015).