Méid an Téacs

Míbhuntáistí an dátheangachais á bhfiosrú in Ollscoil Cambridge

Meitheamh 23, 2016

Léirítear i dtaighde nua go bhféadfadh go mbaineann míbhuntáistí leis an dátheangachas i réimse áirithe. De réir an taighde, atá fós á dhéanamh in Ollscoil Cambridge i Sasana, tá difríochtaí idir cognaíocht na hinchinne aonteangaí agus cognaíocht na hinchinne dátheangaí agus is ag an inchinn aonteangach atá an lámh in uachtar.

Díríonn an staidéar nua ar an meitichognaíocht, nó an cumas atá ag duine a fheidhmiú cognaíoch féin a mheas.

Roghnaíodh aonteangaigh agus dátheangaigh “óga, sláintiúla” le páirt a ghlacadh in dhá thurgnamh.

Iarradh orthu breathnú ar dhá chiorcal ar scáileán agus buille faoi thuairim a thabhairt faoi cé acu ciorcal is mó a raibh spotaí bána ann. Bhí rogha éasca ann ó am go chéile – spota amháin i gciorcal amháin agus 20 spota sa cheann eile. Ach bhí sé níos deacra ná sin in amanna eile agus, cur i gcás, 49 spota i gciorcal amháin agus 50 sa cheann eile.

Fiafraíodh de na rannpháirtithe ina dhiaidh sin cén muinín a bhí acu as a gcinneadh féin. Fuarthas nach raibh aon difríocht idir na dátheangaigh agus na haonteangaigh sa chéad turgnamh agus gur mó seans go roghnódh an dá dhream an ciorcal ceart ach gurbh fearr a chruthaigh na haonteangaigh sa dara turgnamh.

Bhí siad níos fearr ag rá cén uair a bhí an ceart acu agus cén uair nach raibh ná mar a bhí na dátheangaigh. Is é sin le rá gur lú tuiscint a bhí ag na dátheangaigh ar a gcumas féin. Deir lucht déanta an taighde nach raibh súil acu lena leithéid de thoradh ar a gcuid oibre agus go léiríonn na torthaí céanna go bhféadfadh míbhuntáistí, chomh maith le buntáistí, a bheith ag baint leis an dátheangachas.

Tá an staidéar fós ag dul ar aghaidh, áfach, agus beidh go ceann trí bliana eile. Tá súil ag lucht a dhéanta tuiscint níos fearr a fháil ar an inchinn dhátheangach. Tá fianaise foilsithe ag an bhfoireann chéanna cheana féin go mbaineann buntáistí ar leith leis an dátheangachas. Fuair siad amach go bhfuil dátheangaigh níos fearr ag déanamh scagadh ar chur isteach briathartha  agus go mbíonn súil níos géire acu, go háirithe nuair a iarrtar orthu difríochtaí a aimsiú i bpictiúir.

Deir na taighdeoirí go bhfuil siad ag súil go spreagfaidh an t-eolas nua faoi mhíbhuntáistí an dátheangachais tuilleadh taighde ar an ábhar agus go mbeifear in ann “díospóireacht oscailte” a chothú faoi bhuntáistí agus míbhuntáistí an dátheangachais.

www.tuairisc.ie