Méid an Téacs

Moladh maith d’Earnáil na Gaelscolaíochta i dtuairisc an Phríomhchigire dar le Comhairle na Gaelscolaíochta

Samhain 10, 2014

Chuir Comhairle na Gaelscolaíochta fáilte roimh chinneadh an Phríomhchigire i leith na Gaelscolaíochta, i dtuairisc a lainseáladh ar an 6ú Samhain. Ag labhairt ag lainseáil na tuairisce, dúirt an Dochtúir Micheál Ó Duibh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, ‘gur ábhar bróid agus ceiliúrtha don earnáil iomlán’ a bhí sa mhéid a bhí le rá ag an Phríomhchigire, Noelle Buick, i dtaca le Gaelscoileanna a chuaigh trí chigireacht sa tréimhse 2012-2014. Is é a dúradh sa Tuairisc féin na:

“The Irish-medium primary sector continues to grow in size and quality; 40% of all Irish medium primary settings were inspected during the reporting period and almost all were evaluated as good or better”. (lch.43)

Is féidir theacht ar an Tuairisc iomlán anseo: http//www.etini.gov.uk/index/inspection-reports/the-chief-inspectors-report/ci-report-2012-2014.htm

Scéal ó www.comhairle.org