Méid an Téacs

Molfar ag cruinniú Oireachtais inniu ‘go gcaithfí i dtraipisí’ an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Deireadh Fómhair 20, 2015

Molfar inniu do choiste Gaeilge an Oireachtais go gcaithfí i dtraipisí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go gcromfaí ar phlean teanga a cheapadh as an nua.

Is é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a dhéanfaidh an moladh sin ag cruinniú tráthnóna mar gheall ar an tuarascáil Ghaeltachta ina maítear ‘nach bhfuil an Ghaeltacht inmharthana más pobal urlabhra Gaeilge a shamhlaítear leis an nGaeltacht’.

Beidh ionadaí Ó Údarás na Gaeltachta i láthair tráthnóna ag an gcruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais chun fianaise a thabhairt mar gheall ar ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta i ndeireadh mhí na Bealtaine.

Beidh ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Gaelscoileanna Teo. i láthair chomh maith ag an gcruinniú den fhochoiste Oireachtais.

Ní bheidh údair na tuarascála i láthair ag an gcruinniú, mar a bhí molta ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, atá ag éileamh le fada go ndéanfadh an coiste Gaeilge plé ar thorthaí an Nuashonrú.

Thug Conchúr Ó Giollagáin, duine d’údair na tuarascála le fios ar maidin, nach bhfuair sé “scéal ar bith” faoin gcruinniú. “Thiocfainn agus labhróinn ag an ócáid dá bhfaighinn cuireadh a bheith i láthair,”a dúirt sé.

Tá sé i gceist ag an Seanadóir ó Shinn Féin, aird a tharraingt ag an gcruinniú ar an easpa dul chun cinn, dar leis, atá á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

“Beidh mé ag tarraingt airde ar cheist na Straitéise. Faoi láthair níl ar siúl ach píosaí beaga den phlean a phiocadh anseo agus ansiúd. Tá sé in am an Straitéis 20 Bliain a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua. Is léir go bhfuil géarchéim teanga ann agus tá plean níos radacaí ag teastáil,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie.

Cé go dtagann Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le dearcadh Uí Chlochartaigh maidir leis an easpa dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis, feictear don Teachta Dála nach mbeadh aon chiall leis an bplean a chaitheamh i dtraipisí.

“An fhadhb atá ann ná go bhfuil an Straitéis anois cosúil leis an gcreideamh Criostaí agus an Roinn ag roghnú rudaí beaga as de réir mar a oireann dóibh. Bhí sé i gceist i gcónaí go gcuirfí an rud ar fad i bhfeidhm mar thuig muid nach mbeadh aon mhaitheas ann mura gcuirfí an rud ar fad i bhfeidhm.

“Ach ní hé leigheas an scéil fáil réidh léi. Ba chóir í a chur i bhfeidhm agus ansin rudaí breise a chur ann de réir a chéile agus de réir mar is gá. Dá bhfaighfí réidh léi bheadh trí nó ceithre bliana curtha amú agus bheadh mórán an rud céanna sa deireadh agat,” a dúirt Éamon Ó Cúiv.

www.tuairisc.ie