Méid an Téacs

Muinín go mbeidh gaelcholáiste i Maigh Nuad

Lúnasa 7, 2012

Ta sé ráite ag Coiste Ghairmoideachais Chill Dara go bhfuil siad muiníneach go n-osclófar gaelcholáisdte i Maigh Nuad i gceann roinnt blianta.

D’fhógair an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite go bhfuil aonad Gaeilge le bhunú sa bhaile agus go bhféadfaí gaelcholáiste a oscailt má mhealann an t-aonad 70 dalta in aghaidh na bliana thar ceithre bliana.
Bhunaigh an Coiste Gairmoideachais sruth Gaeilge i Meánscoil Mhaigh Nuad in 2000 agus beidh 50 páiste ag tosú ann i Meán Fómhair.
Tá an coiste ag iarraidh é a uasghrádú go haonad agus meastann siad go mbeidh sé lonnaithe i meánscoil nua a bheas ag oscailt  in 2014.
“Is é an fhís a bhí againn ón tús ná go mbunófaí gaelcholáiste i Maigh Nuad agus ta muinín againn go n-osclófar ceann nuair ata an próiseas seo tagtha chun críche,” arsa Seán Ashe, príomhfheidhmeannach an choiste.
“Beidh 50 dalta nua sa tsruth i mbliana agus ní dóigh liom go mbeidh sé ródheacair é sin a ardú go dtí 70,” ar seisean.
Dúirt an Roinn go raibh an t-aonad le bunú i gcomhar leis an bhForas Pátrúnachta ach dar leis an tUasal Ashe is féidir leo an t-aonad a bhunú iad féin.
Dúirt an Foras le Gaelscéal nach raibh siad sásta a bheith páirteach sa togra mura mbeadh sé “sásúil”.
“Is éard atá le feiceáil sna haonaid ná nár oibrigh siad, níl an locht ar na daoine atá ag obair iontu ach caithfidh an bunstruchtúr ceart a bheith ann,” arsa Ard Rúnaí na heagraíochta, Caoimhín Ó hEaghra.
“Bíonn riaradh na scoile trí mheán an Bhéarla agus bíonn brú ollmhór ar an aonad.  Caithfidh an bhainistíocht a bheith ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, caithfidh go mbeadh na ranganna scoite amach agus caithfidh gach ábhar a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge, i measc rudaí eile.”
“Mura bhfuil an t-aonad i Maigh Nuad sásúil bí bheidh baint againn leis,” ar seisean.
Chuir an Foras Pátrúnachta iarratas do phátrúnacht na meánscoile nua i Maigh Nuad chuig an Roinn ach diúltaíodh dó toisc gur chinn an Roinn roimh ré go mbeadh sé ag múineadh trí mheán an Bhéarla.
Bhí ainmneacha 640 tuismitheoir ag tacú le hiarratas ráthúil an Choiste Ghairmoideachais agus bhí 580 ag iarratas an Fhorais.
Bhronn an tAire Oideachais pátrúnacht ar an bhForas do dhá mheánscoileanna lánGhaeilge i mBaile Brigín agus i nDún Droma i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite chomh maith.  Beidh Coiste Ghairmoideachais Chontae Chorcaí mar phatrún ar ghaelcholáiste eile i gCarraig Uí Laighin.
Bhí i bhfad níos mó tacaíochta ó thuismitheoirí ag an bhForas i mBaile Brigín na mar a bhí ag Coiste Ghairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath.  A mhalairt a bhí cursaí i gCarraig Uí Laighin, áit a bhfuil coiste bunaithe na scoile ag obair leis an gCoiste Ghairmoideachais le roinnt blianta.
Idir an da linn, d’fhógair Seán Ashe go bhfuil maoiniú faighte ón Roinn Oideachais chun athchóiriú a dhéanamh ar Ghaelcholáiste Chill Dara sa Nás.

www.gaelsceal.ie