Méid an Téacs

Ná scrios an Ghaeilge a Enda más é do thoil é – Impí ó ghlúin óg na tíre gan tréigean a dhéanamh ar an nGaeilge

Feabhra 25, 2011

ROINNEANN dalta Ardteiste a tuairim ar an gconspóid a bhaineann le polasaí Gaeilge Fhine Gael le Foinse inniu.

Tá na triailscrúduithe díreach críochnaithe ag Ruth Lawlor (18) ó Thrá Mhór i gCo Phort Láirge agus tá sí ar buile faoin bpolasaí seo. Creideann Ruth go ndéanfar scrios ar an nGaeilge má fhaightear réidh léi mar ábhar éigeantach don Ardteist agus i litir oscailte chuig Enda Kenny, iarrann sí ar cheannaire Fhine Gael machnamh a dhéanamh ar an dtionchar a bheadh ag an bpolasaí seo ar dhaoine óga. Is í seo an litir atá scríofa aici:

A chara, an t-Uasal Enda Kenny,
‘Más beo do bheo dá néis,
Na gaid go léir a scaoileadh,
Is nach corpán ar do chosa thú,
Iontach liom mar éacht é.’

Scríobh Máirtín Ó Direáin na línte seo roinnt blianta ó shin, ach is dócha nach bhfuil siad cloiste agat go dtí seo. Is ionann gaid sa dán agus teanga, traidisiún, cultúr agus nósanna. Samhlaíonn an file an duine a thréigeann a theanga dhúchais mar chorpán. Má chaitheann muid na seoda luachmhara seo ar leataobh, beimid gan féiniúlacht ar bith; beimid mar chorpán. An bhfuil tú ag lorg glúin nua de chorpáin chun a bheith ina gceannairí ar an tír seo? Cloisimid daoine ag rá gur cur amú ama é a bheith ag foghlaim Gaeilge.

Ach ní bhaineann an teanga le cúrsaí airgid. Baineann sí le spiora agus anam an náisiúin. Tá an chuma ar an scéal nach dtuigeann tú tábhacht na Gaeilge mar chuid dár n-oidhreacht. Ar chuala tú riamh gur tír gan teanga tír gan anam? Níl vóta ag na daoine a mbeidh an cinneadh seo ag dul i bhfeidhm orthu. Is dócha nár smaoinigh tú ar iarmhairtí an chinnidh sin. Beidh na Gaeltachtaí i ndeireadh na feide; beidh na múinteoirí nua Gaeilge gan phoist. Tá líon na nGaelscoileanna ag méadú agus feicimid na sluaite ag triall ar na Coláistí Samhraidh chuile bhliain – ach ní rachaidís ann mura mbeadh an Ghaeilge éigeantach ar scoil. Cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag íoc as daoine a chur go dtí an Ghaeltacht, chun spiorad na tíre a chothú? Chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht agus ní raibh suim agam sa Ghaeilge; ach spreag sé grá don Ghaeilge ionam.

Nuair atá gach rud caillte againn, ár gcuid airgid, ár neamhspleáchas, beidh rud éigin á lorg againn, a thógfaidh sinn as an oíche dhorcha agus isteach go solas an lae. Is é an rud sin ná ár dteanga féin, ach, má tá sí imithe, beidh sí imithe go deo. Caithfimid seasamh le chéile, le focail an amhráin náisiúnta inár n-aigne: “Sinne Fianna Fáil…” Sinne Fianna Fáil ” we are the soldiers of destiny. Fuair ár sinsir bás ar son na Poblachta, ar son na Gaeilge. Guím nach dtiocfaidh an lá go deo go mbeidh an Ghaeilge roghnach sna scoileanna. Iarraim ort le mo chroí ina iomláine. Rinne na Sasanaigh gach iarracht ár dteanga a scriosadh – caithfimid a bheith cúramach nach gcríochnóimid féin an rud a theip orthusan.

Is mise le meas,
Ruth Lawlor
Scoil Stella Maris.

Foinse – Orla Bradshaw