Méid an Téacs

Ní bhfuair Conchúr Ó Giollagáin cuireadh teacht i láthair ag cruinniú Oireachtais faoina thuarascáil Ghaeltachta

Deireadh Fómhair 21, 2015

Níor tugadh aon chuireadh do Chonchúr Ó Giollagáin teacht i láthair ag cruinniú de choiste Oireachtais a bhí ar siúl tráthnóna, in ainneoin gur thug cathaoirleach an choiste a mhalairt le fios faoi dhó ag an gcruinniú céanna.

Tugadh suntas dó tráthnóna nach raibh Ó Giollagáin i láthair ag an gcruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais ag ar tugadh fianaise mar gheall ar ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Thug beirt seanadóirí a bhí ag an gcruinniú, Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus Fiach Mac Conghail (NS), suntas dó nach raibh Ó Giollagáin, duine d’údair an Nuashonrú, i láthair.

“Cá bhfuil Conchúr Ó Giollagáin?” a d’fhiafraigh an Seanadóir Ó Clochartaigh, a dúirt go raibh iontas air nach raibh cuireadh faighte ag an ollamh ollscoile.

Mar fhreagra ar an gceist sin, dúirt cathaoirleach an choiste, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, gur tugadh cuireadh don Ollamh Ó Giollagáin teacht i láthair an chruinnithe agus gur labhair cléireach an choiste leis an ar an bhfón.
Thug Ó Murchú le fios nach raibh ar chumas Uí Ghiollagáin a bheith i láthair.

Ach dúirt Conchúr Ó Giollagáin le Tuairisc.ie tráthnóna nach bhfuair sé aon chuireadh teacht i láthair an choiste agus gur chuala sé mar gheall ar chruinniú an lae inniu den chéad uair nuair a léigh sé scéal faoi ar Tuairisc.ie “ag leathuair tar éis a hocht ar maidin”.

Bhain conspóid fhada le foilsiú an Nuashonrú toisc go raibh easaontas idir Ó Giollagáin agus Údarás na Gaeltachta, a choimisiúnaigh an tuarascáil, faoi mholtaí a bhí déanta ag na húdair mar chuid dá dtaighde.

Sa deireadh tháinig Údarás na Gaeltachta agus Conchúr Ó Giollagáin ar réiteach agus níor foilsíodh na moltaí mar chuid den Nuashonrú a d’fhoilsigh an tÚdarás.

Foilsíodh go neamhspleách moltaí údair na tuarascála, agus dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh tráthnóna gur cheart go mbeadh na moltaí sin á bplé chomh maith ag an gcoiste Gaeilge.

Bhí ionadaithe i láthair ag an gcruinniú i dtithe an Oireachtais inniu ó Údarás na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Gaelscoileanna Teo. agus Conradh na Gaeilge.