Méid an Téacs

Ní leanann Foras na Gaeilge na rialacha atá acu féin

Nollaig 19, 2012

Chaith Foras na Gaeilge €210,753 ar tháillí dlí le linn 2009 agus 2010 ar cheist a bhain le cúrsaí pinsin a bhfoirne.

Caitheadh an t-airgead sin gan “comórtas oscailte” a eagrú – rud a sháraíonn rialacha an fhorais féin. De réir na tuarascála bliantúla agus na gcuntas do 2009, d’fhostaigh an foras dhá chomhlacht dlí lena gcuid riachtanas pinsin a fhiosrú i ndiaidh gur theip ar an eagras “ranníocaíochtaí fostaithe a bhaint agus a íoc go tráthúil” agus “gan eolas a nochtadh nó a chur ar fáil a iarrtar faoin statúid nó ó riarthóirí an phinsin”.

Cuireadh na cuntais ar fáil i ndiaidh chruinniú Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) an tseachtain seo caite.

D’eisigh cathaoirleach an fhorais, Liam Ó Maoilmhichíl, ráiteas á rá go raibh ar an bhord “iniúchadh a dhéanamh ar an cheist ar bhealach gairmiúil neamhspleách le bheith ábalta (i) géilliúlacht a chinntiú agus (ii) lena chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís”.

Dúirt sé nach raibh “mí-úsáid” ná caillteanas airgid i gceist, go raibh sé sásta go bhfuair siad réiteach sásúil ar an cheist agus, bíodh is go ndearnadh an soláthar seo taobh amuigh den ghnáthchur chuige, rinneadh mar “ábhar práinne” é. Rud “neamhghnách” a bhí ann nach ndéanfaí “in athuair”.

Cuireann an scéala droch-chríoch ar dhrochbhliain eile ag an fhoras. Bhí ar an eagras an tSamhail Úr Mhaoinithe a chaitheamh i leataobh le linn an tsamhraidh, samhail a bhí le bonn nua a chur faoi chúrsaí maoinithe na n-eagras, thuaidh agus theas.

Lena chois sin, ní raibh an foras ábalta teacht ar mhúnla nua maoinithe go fóill a bheadh inghlactha. D’fhógair an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas an Chéadaoin seo caite go leanfaí den status quo ó thaobh struchtúir de go ceann tamaill bhig eile.

Tháinig an scéala sin sna sála ar chomhfhreagas ón fhoras chun na n-eagras á rá leo nach dtiocfadh leo a bheith cinnte de mhaoiniú fadtéarmach ar an bhliain seo chugainn.

Chuir na heagraíochtaí deonacha a míshástacht leis an fhoras faoin phróiseas nua maoinithe in iúl d’Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, agus d’Aire Cultúir Thuaisceart Éireann, Carál Ní Chuilín, i litir roimh an chruinniú CATT.

Dúirt siad go raibh roinnt cruinnithe ann ach nach raibh próiseas comhairliúcháin mar ba cheart faoi mholtaí nua agus go raibh “an-imní” orthu nach raibh ionchur acu sa phróiseas. D’iarr siad ar lucht CATT gan moltaí ar bith a chur chun cinn go dtí go mbeadh gach eagras eolach orthu.

Bhí fadhbanna inmheánacha ag an fhoras fosta. Léiríonn miontuairiscí de chuid an fhorais go raibh seisiún iata, is é sin, druidte, ag na comhaltaí boird, ag deireadh Mheithimh i mbliana inar thug an cathaoirleach, Liam Ó Maoilmhichíl, “uasdátú don bhord ar an phróiseas smachta. Thug an bord cead don chathaoirleach agus don leas-chathaoirleach bille ó na dlíodóirí a shíniú ar son an bhoird.”

D’fhiafraigh an colún seo den fhoras cad é na sonraí a bhain leis an phróiseas ach freagraíodh gur “ceist inmheánach í seo atá faoi réir na rialacha cosanta sonraí agus ní bheidh Foras na Gaeilge ag déanamh trácht ar bith ina leith”. Ceisteanna arís Ní den chéad uair, cuireann tú ceist ort féin faoi éifeacht an fhorais. Chuir an t-eagras olc ar eagraíochtaí deonacha ar feadh blianta lena samhail nua mhaoinithe. Ní ann don tsamhail áirithe sin níos mó ach maireann an t-olc i gcónaí.

Beidh tréimhse éiginnte eile stocaireachta ar siúl sula n-éireoidh leis an fhoras agus leis na heagraíochtaí teacht ar chomhréiteach – rud nach gcuidíonn le cur chun cinn na teanga.

Dá olcas sin, is measa arís an scéala nua seo. Beidh na heagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón fhoras ag déanamh iontais de gur chaith an foras €210,000 ar tháillí dlí gan chomórtas poiblí a reáchtáil. Suim ollmhór airgid atá ann féin agus ní go réidh a luíonn ráitis chráifeacha an fhorais faoi luach airgid phoiblí a fháil agus an cás áirithe seo.

Bhí teip amháin ann, mar sin, nár chomhlíon an foras a gcuid dualgas i leith pinsin agus bhain an dara teip leis an socrú comhlachtaí dlí a fhostú gan tairiscint phoiblí a dhéanamh – agus an scéal ar fad le fáil i gcúpla líne taobh istigh de thuarascáil atá i gcló trí bliana mall.

www.irishtimes.com