Méid an Téacs

Ní thuigim a n-intinn

Feabhra 3, 2014

Ó mhí Mheithimh beidh sé eagras i mbun earnáil dheonach na Gaeilge.

Beidh ar 13 eagraíocht eile maoiniú a fháil áit éigin eile nó dul as feidhm. Níl ceann ar bith de na sé cinn lonnaithe sa Tuaisceart. Maorlathas ar mire é seo. Tá rath ar cuid mhaith den obair a rinne Foras na Gaeilge. Ach cad chuige nach féidir leo tógáil ar a bhfuil déanta acu? Chaill muid an nuachtán Foinse roinnt blianta ó shin. Ag an am sin bhí Foinse ar na páipéir ab fhearr sa tír seo. Bhí sé i bhfad níos fearr ná formhór na nuachtán Béarla. Bhí sé abalta scríbhneoirí den scoth a mhealladh. Bhí fadhbanna ag an pháipéar maidir le scaipeadh agus fógraíocht. Ach in áit cuidiú a thabhairt do Foinse, chuir Foras deireadh lena chonradh agus tugadh é do Gaelscéal.

Ní raibh taithí chuí ag foireann Gaelscéal agus chuir an Foras deireadh lena chonradh go luath. Níl nuachtán náisiúnta Gaeilge againn anois. (Foilsíonn an Indo forlíonadh beag gach Céadaoin agus sin é.) Bhunaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge suíomh nuachta iontach proifisiúnta: Gaelport le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Soláthraíonn sé píosaí as na nuachtáin a bhaineann leis an Ghaeilge chomh maith le heolas ar imeachtaí Gaeilge. Tá an tseirbhís an-mhaith: tá éileamh uirthi, ach tá sí teoranta. Tá foireann ardcháilithe ag an Chomhdháil agus le maoiniú sa bhreis, bheadh siad ábalta an tseirbhís a fhorbairt. Ach anois beidh an Chomhdháil ar shiúl i gceann sé mhí agus de réir cosúlachta, beidh an tseirbhis seo ar shiúl fosta.

Tugadh drochúsáid don Tuaisceart. Mhol mé an obair thrasphobail a dhéanann Iontaobhas Ultach ar an cholún seo ar na mallaibh. Mhol mé chomh maith an obair iontach a dhéanann Altram in earnáil na réamhscolaíochta. Dúnfar oifig an Iontaobhais i mBéal Feirste agus caillfidh Altram cúig phost lánaimseartha agus post amháin páirtaimseartha. Beidh taithí, saineolas, fuinneamh agus díograis curtha amú mar gheall ar phlean maoinithe Fhoras na Gaeilge. Tá plean B de dhíth.

www.derryjournal.com