Méid an Téacs

Níl rud ar bith ‘raidiciúil’ faoi Bhord Oideachais Gaeltachta

Meitheamh 16, 2015

B’ábhar iontais dhom a chloisteáil ar an raidió maidin Dé Céadaoin go raibh ionadaí na Roinne Oideachais, Pádraig Mac Fhlannchadha, den tuairim gur “moladh raidiciúil” a bheadh ann Bord Oideachais Gaeltachta a éileamh.

Léiriú eile ar an drogall atá ar an státchóras cead a chinn a thabhairt don phobal; ar fhaitíos na bhfaitíos go n-éireodh le pobal na Gaeltachta rudaí a chur ina gceart agus dul a mbealach féin…

Cibé rud faoi Bhord a bhunú, gach seans go gceapfadh duine gur “moladh raidiciúil” a bheadh ann Roinn Oideachais Gaeltachta a bhunú. Ach sin go díreach atá déanta i dtíortha eile ina bhfuil níos mó ná teanga amháin. Anseo sa Bheilg tá trí Roinn Oideachais agus trí Aire Oideachais le freastal a dhéanamh ar na trí phobal teanga atá sa tír.

Is í an tríú teanga náisiúnta, an Ghearmáinis, an cás is gaire do chás na Gaeltachta. 75,000 duine a bhfuil cónaí orthu in dhá phóca in oirthear na tíre. Ceantar tuaithe atá ann den chuid is mó cé is moite den phríomhbhaile, Eupen, ina bhfuil 18,000 duine, agus dhá bhaile eile ina bhfuil breis agus 10, 000 duine. Bhí os cionn 200, 000 cainteoir Gearmáinise taobh thoir de Liège agus ó dheas timpeall Arlon sa tseanaimsir. Is é an rud a thug an 75,000 cainteoir atá ann inniu slán gur tugadh an limistéar ina bhfuil cónaí orthu don Phrúis (an Ghearmáin) in 1815. Faoin tráth a tugadh an limistéar sin “ar ais don Bheilg” (níor bunaíodh stát na Beilge go dtí 1830) os cionn céad bliain ina dhiaidh sin is beag rian den Ghearmáinis a bhí fágtha sa tír.
Cé go raibh teannas teanga sa mBeilg ón gcéad lá riamh agus go raibh iarrachtaí ar siúl ag an bpobal Pléimeannach cearta teanga a bhaint amach dóibh féin ó na blianta tosaigh, is sna 1960daí a d’éirigh leo bonn éigin níos foirmiúla a chur faoi na cearta sin. Bhí an Phléimeannais creimthe go mór faoin tráth sin sa Bhruiséil agus bhí míshástacht mhór ann i measc na bPléimeannach faoin gcaoi a raibh an stát agus na hollscoileanna ag caitheamh lena dteanga. Ba iad léirsithe na mac léinn a d’fhág gur thit an rialtas i 1968. Cuireadh an ruaig ar lucht léinn na Fraincise as ollscoil stairiúil Leuven ar an taobh ó thuaidh den Bhruiséil. Ba ollscoil Fraincise a bhí inti ó bunaíodh í in 1834. An réiteach ar thángthas air ná ollscoil Fraincise agus cathair nua as an bpíosa, Louvain-la-Neuve, a thógáil ar an taobh ó dheas den Bhruiséil. B’in eachtra shiombalach a d’fhág go mbeadh athrú feasta ar chinniúint lucht labhartha na Pléimeannaise agus na Gearmáinise sa tír.

Is i dtús na 1970daí a bunaíodh Comhairlí Cultúir don trí phobal teanga. As sin a d’eascair Parlaimintí na bPobal Teanga atá ann inniu. Dhírigh na Comhairlí sin ar ghnéithe cultúir, sóisialta agus oideachais. Chinntigh siad gur i dteanga dhúchais an tsaoránaigh a dhéanfadh an státchóras gnó leis an saoránach. Ach is próiseas fada casta a bhí agus atá ann agus níor tháinig deireadh leis go fóill. Is ag deireadh na 1980daí, mar shampla, ar thángthas ar réiteach leis an gcóras oideachais a dhílárú agus a chur faoi stiúir na bpobal teanga. Tar éis blianta fada den streachailt teanga taobh istigh den Roinn Oideachais tuigeadh ag deireadh na 1980daí nach raibh an córas mar a bhí sé in ann chuile thrá a fhreastal.

Murab ionann agus na Pléimeannaigh atá ag lorg níos mó agus níos mó cumhachtaí, tá pobal na Gearmáinise sásta lena gcuid. Níl fonn mór orthu stádas mar Réigiúin a éileamh. Tá cónaí orthu i Réigiún na Vallúine agus glactar leis go bhfuil orthu a ngnó a dhéanamh i bhFraincis má théann siad go Namur (príomhbhaile an Réigiúin).Tuigtear nach leor 75,000 duine le hairgeadú a dhéanamh ar na cúraimí ar fad a bhíonn ar Réigiún (m.sh. iompar, bonneagar, talmhaíocht, an geilleagar, tionsclaíocht, uisce, oibreacha poiblí, fuinneamh, pleanáil).

Ó am go chéile déanann Réigiún na Vallúine cumhachtaí áirithe Réigiúin a bhronnadh ar Pharlaimint Teanga na Gearmáinise más dóigh leo gurbh fhearr a d’fhéadfaidís féin déileáil leo, m.sh. cosaint séadchomharthaí, fostaíocht, turasóireacht nó rialtas áitiúil. Comhréiteach é seo a oireann don dá thaobh agus a thugann beagán níos mó smachta do lucht labhartha na Gearmáinise ar a gcinniúint féin.

Maidir le cúrsaí oideachais is i nGearmáinis amháin atá an réamhscolaíocht, an bhunscolaíocht agus an mheánscolaíocht anois. Ach an oiread leis an mBéarla in Éirinn ní féidir déanamh d’uireasa na Fraincise sa Vallúin agus is pobal dátheangach, dá bhrí sin, pobal labhartha na Gearmáinise. Cé go gceapfadh duine go luífeadh sé le réasún go roghnódh daltaí freastal ar ollscoileanna sa Ghearmáin, is iondúil go dtéann siad chuig ollscoileanna Fraincise sa Bhruiséil, i Liège nó i Namur. Bunaíodh Acadamh Ardoideachais in Eupen in 2005. Tá na cúrsaí dírithe ar na seirbhísí is mó a theastaíonn sa bpobal teanga – an altracht, an bhunmhúinteoireacht, an réamhscolaíocht, gnó agus cuntasaíocht.

Labhair mé le Raymund Berners, duine de bhunadh an cheantair, a bhfuil cónaí air anseo sa Bhruiséil. Ní ghoilleann sé air nach mbíonn an Ghearmáinis le feiceáil ná in úsáid mórán sa Bhruiséil ná i Namur. Tuigeann an pobal go bhfuil an t-ádh dearg orthu mar phobal mionteanga. Tá smacht acu ar na rudaí is tábhachtaí le mionteanga a chosaint ina gceantar féin. Tá Parlaimint dá gcuid féin acu ina bhfuil 25 ionadaí tofa, feidhmeannas ina bhfuil ceathrar Airí (rialtas áitiúil; cultúr, fostaíocht agus turasóireacht; gnóthaí teaghlaigh, sláinte agus sóisialta; oideachas agus taighde) agus ionadaí amháin i bParlaimint na hEorpa. Tá sé ráite nach bhfuil aon phobal eile mionteanga ar domhan a bhfuil an chosaint chéanna acu. Cá bhfios?

Tomás Ó Máille ar www.tuairisc.ie