Méid an Téacs

‘Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding life in this country…’ – ráiteas Heaney scaipthe ar gach scoil sa Stát

Samhain 9, 2015

Tá póstaer scaipthe ar gach scoil dara leibhéal sa Stát ag COGG ar a bhfuil ráiteas spreagúil faoin nGaeilge a rinne an file Séamus Heaney.

Sa ráiteas dúirt Heaney gurb ionann gan an Ghaeilge a fhoghlaim agus an deis a chailliúint tuiscint a fháil ar scéal na hÉireann mar a bhí agus mar a bheadh.

Rinne an file iomráiteach, Séamus Heaney, a bhuaigh Duais Nobel na litríochta, an ráiteas faoin teanga ar iarratas ó Ghael Linn sna nóchaidí. I 1993 d’iarr Gael Linn ar Heaney a dhearcadh faoin nGaeilge a roinnt mar chuid d’iarrachtaí a bhí ar bun ag an am tuilleadh scoileanna ó thuaidh a spreagadh chun an Ghaeilge a roghnú mar ábhar. Bhí Gael Linn ag iarraidh tábhacht na teanga mar chuid dár n-oidhreacht chomónta a chur abhaile ar mhuintir an oileáin.

20 bliain i ndiaidh do Heaney a dhearcadh ar an teanga a roinnt le Gael Linn tarraingíodh aird arís ar a ráiteas nuair a cailleadh i mí Lúnasa 2013 é. Scaipeadh an ráiteas an uair sin ar na meáin shóisialta agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar dhaoine.
Bhain an tIar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin leas as focail Heaney i mí Eanáir 2014 agus é ag míniú do choiste Oireachtais na cúiseanna a bhí lena éirí as mar agóid i gcoinne phatuaire an Stáit i leith na Gaeilge.

Scaip an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) teachtaireacht Heaney ar scoileanna ó dheas an tseachtain seo caite i ndiaidh dóibh cead a fháil ó Ghael Linn agus ó Mharie Devlin, baintreach an fhile. Thug an eagraíocht le fios do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist acu cóip den phóstaer a bhronnadh ar an gComhairle Curaclaim ó thuaidh i dtreo is gur féidir í a roinnt ar scoileanna ina dtugtar rogha do dhaltaí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.

Seo a leanas ráiteas Heaney ina iomláine:

“Not to learn Irish is to miss the opportunity of understanding what life in this country has meant and could mean in a better future. It is to cut oneself off from ways of being at home. If we regard self-understanding, mutual understanding, imaginative enhancement, cultural diversity and a tolerant political atmosphere as desirable attainments, we should remember that a knowledge of the Irish language is an essential element in their realisation.”

www.tuairisc.ie