Méid an Téacs

Ó bhéal leanaí imirceach

Feabhra 15, 2011


BEOCHEIST: RÁITEAS A thug léargas maith faoi áit na Gaeilge i saol na hÉireann dom blianta ó shin, is ó iriseoir Danmhargach a tháinig sé.

Bhí mé i láthair mar thuairisceoir i ndánlann Chopenhagen nuair a thug Aire Cultúir na Danmhairge, óráid roimh chuairt an taispeántais “Seoda na hÉireann” ó Ardmhúsaem na hÉireann. Lucht éisteachta acadúil, maithe agus móruaisle an bhaile agus iriseoirí ón dá thír a bhí i láthair. Nuair a thug sí a haitheasc, chuir sé iontas orm gur i mBéarla foirfe amháin a labhair sí. D’fhiafraigh mé de thuairisceoir Danmhargach cén fáth nár labhair sí ina teanga féin agus tháinig aoibh an gháire air. “Ah yes,” ar seisean, “I’ve been in your country. The answer is: she doesn’t have any cultural or political point to make.”

Chuaigh sé ar aghaidh chun a mhaíomh go raibh a dteanga féin, Béarla líofa agus leoga mórtheangacha eile na hEorpa ar eolas ag an gcuid is mó de dhaltaí na Danmhairge ó aois an-óg. Ansin tháinig an sonc. Is le gáire díspeagúil a dúirt sé “your youngsters seem to have difficulty with one language.” Ba bheacht a thuiscint ar chúrsaí na teanga in Éirinn agus cé gur fada ó tharla an comhrá sin, ní léir gur tháinig mórán d’athrú ar an scéal ó shin. Alt a foilsíodh in eagrán Éireannach den Daily Mail le déanaí a thug an ráiteas sin chun cuimhne. De réir na tuairisce, tá taighde déanta ag bean as Poblacht na Seice, Romana Kopeckova, a léiríonn go bhfuil ag éirí níos fearr sa nGaeilge le leanaí as Oirthear na hEorpa a chónaíonn anseo ná leanaí na hÉireann.

Go bunúsach, tá an staidéar nua ag maíomh gur le fuinneamh a thugann na leanaí eachtrannacha faoin Ghaeilge a fhoghlaim agus go bhfuil meas ag a dteaghlaigh ar an dteanga mar rud a thugann cos isteach chultúrtha dóibh. Ar an dtaobh eile, measann an taighdeoir go bhfuil bac éigin síceolaíoch ag cur as do leanaí na hÉireann, rud éigin atá faighte ag cuid acu, dar léi, ó thuismitheoirí a raibh drochtheagmháil acu leis an teanga ar scoil. Deir Kopeckova gurb iad na leanaí Éireannacha san aoisghrúpa 12 bliain atá ag tabhairt droim láimhe leis an nGaeilge. Is san aois seo, a deir sí, a éiríonn leanaí amach in aghaidh rudaí ar aon nós agus má chuirtear leis sin tuairimí tuismitheoirí nár thaitin an Ghaeilge leo ar scoil, tacaíonn sé leis an dearcadh frith-Ghaeilge Is fada lucht na Gaeilge, lucht oideachais agus leoga rialtas i ndiaidh rialtais ag iarraidh a fháil amach cad atá mícheart leis an gcóras anseo. Aithnítear go bhfuil sé beagnach míorúilteach nach féidir le dalta a fhoghlamaíonn Gaeilge ón mbunscoil go dtí an Ardteist beannú duit as Gaeilge.

Chuirtí an locht ar an gcóras, ar úsáid an bhata, ar na modhanna teagaisc, ar dhroch-chaighdeán na múinteoirí, ar ghearradh na gcoláistí traenála, ar éagsúlacht chanúintí múinteoirí, ar easpa áiseanna agus fiú, go bhfoire Dia uirthi, ar an seanchréatúr sin as an mBlascaod, Peig Sayers, nach ndearna ach cuimhní cinn a fhágáil ina diaidh. Baineadh úsáid as gach seift chun an scéal a leigheas: modhanna clos-amhairc sa rang, breis marcanna dó seo agus breis marcanna dó siúd sna scrúduithe, laghdú ar líon na litríochta.
Agus an toradh?

De réir figiúirí a tugadh don Dáil labhraíonn 83,000 an Ghaeilge go laethúil; sin níos lú ná 2 faoin gcéad den bpobal. Tá líon na ndaltaí a dhéanann scrúdú na Gaeilge san Ardteist tite go dtí 83 faoin gcéad. Tá líon na ngrád ABC san Ardteist tite 5.5 faoin gcéad. Agus céard faoin Roinn féin a bhfuil cúram na Gaeilge sna scoileanna uirthi ón tús? Bhuel, is cosúil nach féidir ach le 1.5 faoin gcéad den bhfoireann seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge. Sa mbliain seo, nuair atá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe, tá sé in am aird a thabhairt ar an scéal atá le hinse ag na figiúirí thuas. Is féidir athstruchtúrú a dhéanamh ar na heagraíochtaí agus pas sa nGaeilge a thabhairt don dalta atá in ann “Dia duit” a rá agus gan tada eile. Ach ní athróidh sé sin an bhunfhadhb agus is é sin an meon diúltach atá á chur ó ghlúin go glúin. Muna bhfuil tromlach mór mhuintir na hÉireann go hiomlán naimhdeach don teanga, tá siad beag beann uirthi. Is cuid den dtroscán náisiúnta í, dar leo, ach, as ucht Dé, bíodh sí á foghlaim agus á labhairt ag daoine eile! Bhuel, tá sé sin ag tarlú.

Ní fheadar an é meon an iarchóilíneachais a d’fhág mar sin muid ach tógfaidh sé feachtas láidir leanúnach chun cás na hathbheochana a chur arís. Cé a chreidfeadh é agus 2016 ar leac an dorais? Caithfidh Fine Gael a bheith curámach nach dtugann siad coup de grace don iarracht idir an dá linn.

The Irish Times – Seán Ó hÉalaí