Méid an Téacs

Ó dhearbhnialas go tríocha: Tionchar dearfach na Gaelscoile ar an tSrath Bán

Nollaig 8, 2011

DAR le Seán Ó Daimhín, fear atá ag gníomhú ar cheist na Gaeilge ar an tSrath Bán le fada – tá tionchar ag an Ghaelscolaíocht ar úsáid na Gaeilge sa teach. “Ní thig liomsa labhairt faoi cheantair eile, ach anseo ar an tSrath Bán, sular bunaíodh Gaelscoil Uí Dhochartaigh i 1997, níl mise eolach ar aon teaghlach a thóg a gclann le Gaeilge. An teaghlach deireanach atá ar eolas agam a thóg a gclann le Gaeilge sa cheantar ná muintir Uí Nualláin, is é sin tuismitheoirí Bhrian Uí Nualláin (Myles na gCopaleen) agus Chiaráin Uí Nualláin, agus ní inniu ná inné é sin,” ar seisean. “Bhí roinnt teaghlach ann i gcónaí a bhí báúil leis an Ghaeilge, agus a chuireadh a bpáistí chun na Gaeltachta sa samhradh is araile, ach is mór idir sin agus páistí a thógáil le Gaeilge.” An raibh tionchar ag an Ghaelscolaíocht ar an líon sin? “Bhí, gan amhras. Níl a fhios agam an bhfuil páistí á dtógáil i nGaeilge amháin ag an bheirt tuismitheoirí in aon teaghlach anseo, ach bheadh thart fá 20 teaghlach sa cheantar anois agus na páistí á dtógáil i nGaeilge ag tuismitheoir amháin, agus roinnt Gaeilge á húsáid ag an tuismitheoir eile. Bheadh thart fá 30 teaghlach eile ann ina mbeadh cúpla focal beo achan lá sa bhaile leis na páistí, leithéidí ‘oíche mhaith’ agus ‘ná déan sin’, ‘maith an cailín’, ‘go raibh maith agat’, ‘tabhair dom’ srl.

“I gcomparáid le líon iomlán na dteaghlach sa cheantar, is líon beag é an 20 teaghlach sin, agus is mionlach é fosta fiú taobh istigh de phobal na Gaelscolaíochta, ach is dul chun cinn suntasach é ar a raibh ann roimhe seo.”

“Nuair a bunaíodh an Ghaelscoil thug sin uchtach domsa mar thuismitheoir a labhair Gaeilge amháin le mo pháistí féin, agus is Gaeilge amháin a labhair siad liom go dtí an lá atá inniu ann, iníon amháin 10 mbliana agus iníon eile 14 bliana.”

“Sin an tábhacht atá leis na Gaelscoileanna in achan cheantar, chan amháin go bhfaigheann do pháistí oideachas trí Ghaeilge, ach go dtugann siad seasamh buan feiceálach don Ghaeilge sa cheantar, agus faigheann go leor tuismitheoirí uchtach agus dóchas uaidh sin Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí sa bhaile.”

An bhfuil sé níos éasca páistí a thógáil le Gaeilge ó dheas? “Tá agus níl. Ní maith liom féin aon mhór-idirdhealú a dhéanamh idir taobh amháin den teorainn agus an taobh eile. Ach tá difear mór amháin nach féidir a shéanadh agus is dúshlán mór é. Tuigim go mbíonn roinnt daoine sna 26 chontae ag gearán faoin dóigh ar teagascadh Gaeilge dóibh ar scoil, deir siad nach bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt.”

“Ach creidimse go bhfuil Gaeilge éigin sa ghrágán acu uilig. Mar shampla, d’fhreastail mé ar cheolchoirm de chuid Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn cúpla bliain ó shin, an scoil a raibh m’iníon ag freastal uirthi ag an am. Bhí na tuismitheoirí ag bualadh bos ag an am ceart. Bhí leath-thuiscint ag na daoine is laige Gaeilge ar cad é a bhí ar bun ar an ardán.”

“Ach ar an tSrath Bán, ag seó mór scoile i nGaeilge amháin, nuair a deirtear rud éigin greannmhar ar an ardán, nó nuair a thugtar eolas tábhachtach, bíonn ciúnas mór. As thart fá gach 6 thuismitheoir againne ar an tSrath Bán, bheadh cúigear nach bhfuil oiread is focal Gaeilge acu, fiú ‘tá’ nó ‘agus’. Séanadh an Ghaeilge orthu sa chóras oideachais ar fad. Nuair a chluinim iriseoirí agus polaiteoirí ag caint faoin ‘an-dul chun cinn’ ó thuaidh, áit nach bhfuil an Ghaeilge ‘éigeantach’, smaoiním ar an chiúnas mór sin, tuismitheoirí ar mhaith leo Gaeilge a bheith ag a bpáistí féin, ach gan oiread is dhá fhocal acu féin le cuimilt in aghaidh a chéile.”

“Chomh maith leis sin, ní féidir rudaí bunúsacha bídeacha a fháil ón stát ó thuaidh. Dhiúltaigh siad teastas breithe, i nGaeilge ná dátheangach, a thabhairt dúinne dár n-iníonacha. Chuir duine de mo iníonacha ceist orm lá amháin roinnt blianta ó shin “A Dhaidí, cad chuige nach bhfuil An Srath Bán i nGaeilge ar na comharthaí bóthair anseo, ach go bhfuil An Srath Bán agus Leifear i nGaeilge thar an droichead?’. Aithníonn siad féin nach bhfuil an Ghaeilge le brath sa timpeallacht, go bhfuil rudaí ‘níos fuaire’ ó thuaidh. Rudaí beaga mar sin, tá tábhacht leo in intinn páiste.”

Gaelscéal