Méid an Téacs

Óráid an Ard-Rúnaí An Roinn Oideachais agus Scileanna, Seán Ó Foghlú ag Comhdháil Gaelscoileanna Teo.

Samhain 25, 2014

Réamhrá
A uachtaráin, a oifigeacha, a thoscairí, a aíonna, agus a dhaoine uaisle, tá lúcháir ormsa a bheith i bhur gcomhluadar arís i mbliana ag Comhdháil Bhliantúil Ghaelscoileanna Teoranta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán Ghaelscoileanna Teoranta, le Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, agus le Nóra Ní Loinsigh, Leas-Ardfheidhmeannach, as an chuireadh agus as fearadh na fáilte a chur romham ar maidin.

Téama na Comhdhála
Tá téama na comhdhála, Leanúntas Ionspioráideach an Oideachais Lán-Ghaeilge, thar a bheith ábhartha d’earnáil na Gaelscolaíochta, d’earnáil an oideachais Ghaeltachta, agus go cinnte, don chóras oideachais i gcoitinne. Is téama é a aithníonn an tábhacht a bhaineann le leanúntas ag achan chéim den oideachas ó leibhéal na réamhscoile go leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.

Tagann fréamhacha an chur chuige seo ‘leanúntas’ go díreach le polasaí córais-uile na Roinne leis an chlár cuimsitheach athleasaithe ar fud earnáil an oideachais a chur i bheidhm. Tá sé suntasach fosta go gcuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta béim ar leith ar an leanúntas ina cuid beartas d’oideachas múinteoirí. Is iontach an deis é an chomhdháil seo le tuairimí a roinnt ar na féidearthachtaí éagsúla a bhaineann le leanúntas an oideachais lán-Ghaeilge a threisiú.

Ról tacaíochta Ghaelscoileanna don oideachais lán-Ghaeilge
Ó bunaíodh Gaelscoileanna Teoranta dhá scór bliain ó shin, tá díograis mhór léirithe ag oifigigh na heagraíochta seo le tacaíocht láidir a thabhairt do bhunscoltacha agus d’iar-bhunscoltacha lán-Ghaeilge. Gan an cheannaireacht láidir atá tugtha ag Gaelscoileanna Teoranta, agus díograis na bpobal scoile uilig ar fud na hÉireann, ní bheadh an rath céanna ar an earnáil seo is atá le feiceáil.

Céim thábhachtach é don eagraíocht Gaelscoileanna Teoranta é a bheith ainmnithe mar cheanneagraíocht ag Foras na Gaeilge i réimsí an Ghaeloideachais, an tumoideachais, agus na réamhscolaíochta lán-Ghaeilge. Níl amhras ar bith ach go mbainfidh dúshláin ar leith leis an ról leathnaithe seo agus leis na freagrachtaí breise a thiocfaidh leis. Ach mar a luaigh mé cheana féin, is iontach an deis í seo don eagraíocht chun an leanúntas a bhuanú idir na réimsí éagsúla oideachais lán-Ghaeilge – díreach mar atá ar siúl againn sa Roinn i dtaca leis an oideachas i gcoitinne.
Beidh ról ar leith ag Gaelscoileanna Teoranta maidir le tacaíocht agus abhcóideacht ar son na réamhscolaíochta trí Ghaeilge. Mar an gcéanna, tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige chun soláthar an oideachais san earnáil réamhscolaíochta a fheabhsú. Beifear ag súil le tacaíocht Ghaelscoileanna Teoranta, sa ról úr a bheidh ag an eagraíocht, chun tacú le hiarrachtaí an dá Roinn leis na torthaí is fearr a bhaint amach do pháistí a bheidh páirteach sa Bhliain Réamhscoile Saor in Aisce.

Fás na Gaelscolaíochta
Tréaslaím le Gaelscoileanna Teoranta as an bhláthú agus as an fhorbairt atá tagtha ar earnáil na scolaíochta lán-Ghaeilge thar na blianta. San am i láthair, diomaite de na bunscoltacha agus iar-bhunscoltacha Gaeltachta, tá aon chéad agus ochtó (180) bunscoil agus daichead a trí (43) iar-bhunscoil ag soláthar oideachais trí Ghaeilge ar fud oileán na hÉireann.

Mar chomhartha ar sin, fosclaíodh dhá iar-bhunscoil úr lán-Ghaeilge i Meán Fomhair na bliana seo, i dtuaisceart agus i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ceann i mBaile Brigín agus an ceann eile i Ráth Fearnáin. Ar an dóigh chéanna, tá Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí ag ullmhú fá choinne iar-bhunscoil lán-Ghaeilge úr i gCarraig Uí Leighin a oscailt i Meán Fómhair 2015. Seo 3 iarbhunscoil lán-Ghaeilge úr as 17 iarbhunscoil úr sa tréimhse 2011-2015. Is léiriú é seo ar thiomantas na Roinne don oideachas lán-Ghaeilge a leathnú chomh fada agus is féidir.

Leanfaidh an Roinn Oideachais le scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhainfeas le bunscoltacha úra a bhunú i limistéir ina bhfuil an daonra ag fás, de réir tosca déimeagrafacha, éileamh ó thuismitheoirí, agus iarratais ar phátrúnacht ó phátrúin fhéideartha. Féachfar ar na féidearthachtaí chomh maith le scoltacha Béarla, atá ann cheana i limistéir ina bhfuil an daonra ag fanacht seasta, a aistriú go pátrúin úra.

Ag an iar-bhunleibhéal, leanfaidh an Roinn le súil a choinneáil ar na féidearthachtaí le scoltacha úra lán-Ghaeilge a bhunú i líne le héileamh ar sholáthar dona léithéid sa limistéar agus ag brath ar acmhainní. Dar ndóighe, fanfaidh an táirseach éilimh de 400 scoláire do bhunú iar-bhunscoltacha lán-Ghaeilge úra mar atá.

Buntáistí an Oideachais trí Ghaeilge
Tá go leor tairbhe ag baint leis an oideachas lán-Ghaeilge, tairbhe a chuimsíonn an leas oideachais do na foghlaimeoirí agus buanú na Gaeilge sa chóras oideachais. Tá fhios againn ó shaothair foghlaim teanga éagsúla go n-éiríonn le foghlaimeoirí a bheith dátheangach go luath ina saol agus is breá an rud é do na foghlaimeoirí is óige sa bhunscoil lán-Ghaeilge iad a bheith ag aistriú ó theanga amháin go teanga eile go furast. Tá fianaise fhairsing ann go gcuireann an dátheangachas go mór le forbairt na scileanna cognaíocha agus smaointeoireachta i measc foghlaimeoirí. Tá fianaise áititheach ann chomh maith a deireann go dtacaíonn an tumoideachas agus an dátheangachas le foghlaim teangacha eile.

Tuigimid uilig a thábhachtaí agus atá ról na dtuismitheoirí in oideachas a bpáistí. Óna thaobh sin de, is mór an méid atá déanta ag earnáil na Gaelscolaíochta le tuismitheoirí a chumasú leis an ról sin a ghlacadh agus le dearcadh dearfach a chothú i measc tuismitheoirí i leith na teanga. Feictear go leor samplaí den scoth i scoltacha lán-Ghaeilge ar fud na tíre de thuismitheoirí ag gníomhú ar a son agus ag cuidiú leo a n-aidhmeanna oideachais a chur i gcrích.

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an tAcht Gaeltachta
Tá an Roinn seo tiomanta don oideachais lán-Ghaeilge a láidriú agus a fhorbairt i líne leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an Acht Gaeltachta. Níl amhras ar bith ach go dtugann an Straitéis Fiche Bliain treoir shoiléir fhadradharcach don Stát ar na réimsí gníomhaíochta atá de dhíobháil chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta, sna blianta atá romhainn.

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis na spriocanna oideachais sa Straitéis a bhaint amach.

Tugann an próiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 deis den scoth do phobail Ghaeltachta stádas a gceantar mar cheantair Ghaeltachta a shoiléiriú agus teacht ar chomhaontú maidir le gníomhartha an phobail i leith na Gaeilge. Dar ndóighe, beidh tionchar ag an bpróiseas pleanála teanga áitiúil ar chúrsaí oideachais mar a bhaineann le teanga an teagaisc go háirithe.

Mar atá fhios agaibh, tá athbhreithniú ar an oideachas sa Ghaeltacht ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi láthair. Tá an obair seo faoi réir ag na riachtanais phleanála teanga, mar atá leagtha síos san Acht Gaeltachta, agus ag na dúshláin aitheanta atá roimh sholáthar an oideachais sa Ghaeltacht, lena n-áirítear:

– páistí ag teacht ó chúlraí teanga éagsúla
– rollachán scoltacha ag dul i laghad
– líon na scoláirí a labhraíonn an Ghaeilge ó dhúchas ag meath
– inniúlacht na gcainteóiri dúchais ag gabháil i léig.

Beidh tuilleadh a rá agam faoi athbhreithniú na Roinne ar an oideachas Gaeltachta ar ball.

Ba mhaith liom anois labhairt libh faoi na forbairtí agus na gníomhaíochtaí éagsúla sa Ghaeilge, agus san oideachas lán-Ghaeilge atá idir lámha ag an Roinn i láthair na huaire faoin Straitéis Fiche Bliain.

Forbairtí Curaclaim sa Bhunleibhéal
I dtús báire, labharfaidh mé fá fhorbairtí curaclaim. Ag an mbunleibhéal, beidh curaclam teanga comhtháite úr don Ghaeilge agus don Bhéarla do naíonáin go rang dó á fhoilsiú an bhliain seo chugainn agus á chur i bhfeidhm ag scoltacha an bhliain ina dhiaidh sin. Táimid muiníneach go bhfreastalóidh sé ar riachtanais ar leith teanga agus foghlama na scoláirí i scoltacha Gaeltachta, lena n-áirítear cainteoirí dúchais.

Táimid muiníneach go dtabharfaidh na torthaí foghlama idirdhealaithe atá leagtha amach sa churaclam teanga úr, treoir níos cinnte do mhúinteoirí leis an teagasc agus an fhoghlaim sa dá theanga a riar. Táimid muiníneach fosta go bhfreastalóidh sé ar riachtanais ar leith teanga agus foghlama na scoláirí i scoltacha Gaeltachta, lena n-áirítear cainteoirí dúchais.

Tá a fhios agam gur mór an acmhainn í do ghaelscoileanna agus do scoltacha Gaeltachta ag an bhunleibhéal, an clár teanga Seidéan Sí mar thaca do mhúineadh na Gaeilge. Le cuidiú le múinteoirí an clár seo a úsáid ar bhonn níos leithne, tá pleananna á gcur i bhfeidhm le hábhair léitheoireachta an chláir a dhigitiú. Cuirfear suíomh gréasáin ar leith ar fáil do seo, áit a mbeidh fáil ag múinteoirí agus ag foghlaimeoirí ar na hábhair seo.

Forordú Churaclam na Bunscoile
Mar a fógraíodh cheana fhéin, tá céimeanna á nglacadh ag an Roinn le curaclam na bunscoile a bhunú go reachtúil. Tá sé ar intinn ag an Roinn go gceadófar tréimhse lán-tumoideachais luath sna naíonáin. Táthar ag amharc ar na féidearthachtaí a bhaineann le tréimhse sínte lán-tumoideachais a cheadú sna naíonáin i bhfianaise an scrúdú atá déanta ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta mar chuid den athbhreithniú ar oideachas Gaeltachta.

Forbairtí Curaclaim san Iar-bhunleibhéal
Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, tá dul chun cinn maith déanta ar shonrúchán úr a fhorbairt don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach. Tá béim ar leith sa sonrúchán ar mheasúnú na teanga labhartha. Tá sé i gceist go mbeidh an sonrúchán seo críochnaithe agus réidh le haghaidh comhairliúcháin go luath in 2015.

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag cur grúpa oibre le chéile chun gearrchúrsa úr sa Ghaeilge a fhorbairt sa tSraith Shóisearach. Bhéarfaidh an gearrchúrsa úr seo deis do scoláirí i scoltacha lán-Ghaeilge staidéar agus aitheantas a fháil ar rannpháirtíocht níos saibhre le gnéithe breise na teanga thar an sonrúchán comónta don Ghaeilge.

Measúnacht
Ó thaobh measúnachta ar an Ghaeilge de, is mór an áis é go bhfuil trialacha caighdeánaithe sa léitheoireacht Ghaeilge ar fáil anois do bhunscoltacha, lena n-áirítear trialacha atá deartha de réir noirm na scoltacha lán-Ghaeilge. Ó thaobh forbairt na Gaeilge de, is iontach an dul chun cinn é go bhfuil torthaí na dtástálacha á roinnt le tuismitheoirí agus á n-úsáid mar chuid den phróiseas pleanála scoile agus den phróiseas féinmheastóireachta scoile.
Tá sé i gceist fosta, in earrach na bliana 2018, tús a chur le tástáil chaighdeánaithe sa léitheoireacht Ghaeilge do scoláirí na dara bliana i scoltacha lán-Ghaeilge mar chuid den tSraith Shóisearach nua. Tabharfaidh an sonrúchán nua don Ghaeilge agus na tástálacha caighdeánaithe sa léitheoireacht Ghaeilge deis luachmhar leis na gnéithe uile de theagasc, d’fhoghlaim agus de mheasúnú na scileanna litearthachta Gaeilge a thabhairt le chéile.

Forbairtí in Oideachas Múinteoirí
Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh anois do na forbairtí atá déanta in oideachas múinteoirí ó thaobh na Gaeilge agus an oideachais trí Ghaeilge de.
Ag leibhéal na réamhsheirbhíse, tá mian ann le tamall an caighdeán inniúlachta sa Ghaeilge a fheabhsú sa chlár Oideachais Tosaigh do Mhúinteoirí agus go n-ardófaí an riachtanas iontrála sa Ghaeilge. Tá taighde coimisiúnaithe ag an Chomhairle Mhúinteoireachta leis an scéal a iniúchadh agus beidh an Roinn ag súil le moltaí na Comhairle go luath in 2015.

Tá a fhios agam gur ábhar imní é le tamall d’earnáil na Gaelscolaíochta agus na scoltacha Gaeltachta, go háirithe ag an iar-bhunleibhéal, an easpa soláthair atá ann de mhúinteoirí, ar féidir leo múineadh go hinniúil trí mheán na Gaeilge. Is ábhar misnigh dom a rá go bhfuil gníomhartha ar leith ar bun a rachaidh i ngleic leis an fhadhb seo. Mar shampla, cuireann an Roinn fáilte mhór roimh na cúrsaí iarchéime, ag leibhéal máistreachta, bunaithe ar an tumoideachas agus ar an oideachas trí Ghaeilge, atá ar fáil anois do mhúinteoirí in Institiúidí Oideachais éagsúla. Is cinnte go dtugann na cúrsaí seo deiseanna luachmhara do mhúinteoirí chun cur lena gcuid inniúlachta agus a gcuid tuisceana maidir le múineadh trí Ghaeilge agus gur chun leasa an oideachais trí Ghaeilge a leithéid a bheith ann.

Is eol dom chomh maith go bhfuil spéis léirithe ag Institiúid Ardoideachais amháin, ar a laghad, le cúrsaí oideachais tosaigh múinteoirí (OTM) a chur ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge, ag leibhéal na bunscoile agus go bhfuil iarrachtaí ar bun ag leibhéal na hiar-bhunscoile, cur le líon na mac léinn a fhreastalaíonn ar an chlár oideachas tosaigh múinteoirí a mhúintear trí mheán na Gaeilge. Cé nach bhfuil ach plé ar siúl faoi láthair, tacaíonn an Roinn i bprionsabal lena leithéid de thograí. Dar ndóiche, beidh ar an Roinn scrúdú a dhéanamh ar indéantacht agus inmharthanacht na dtograí seo, maidir le hacmhainní agus soláthar múinteoirí.

Mar atá fhios agaibh, tá fad curtha leis an oideachas tosaigh do mhúinteoirí, a chlúdaíonn tréimhse foghlama níos faide sa Ghaeltacht, rud a chuirfidh go mór le hinniúlacht múinteoirí óga sa Ghaeilge. I rith na bliana 2013, rinne an Roinn plé leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus leis an gComhairle Mhúinteoireachta lena chinntiú go mbeidh creat níos comhtháite ar an tréimhse sa Ghaeltacht do mhúinteoirí faoi oiliúint.
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

Is tairbheach an tacaíocht a thugann COGG do na scoltacha lán-Ghaeilge go háirithe ó thaobh áiseanna agus acmhainní do theagasc na Gaeilge a sholáthar. Níl sé i bhfad ó shin ó bhí bearna ollmhór ó thaobh áiseanna agus acmhainní don scolaíocht trí Ghaeilge. Tá lúcháir orm a rá go bhfuil an bhearna sin líonta go maith anois mar gheall ar an sár shaothar atá déanta ag COGG. Mar sin féin, tá sé tábhachtach go leanfar leis an dea-obair seo, go háirithe lena chinntiú go bhfuil an teanga sna leaganacha Gaeilge de théacsleabhair agus d’áiseanna sothuigthe do na foghlaimeoirí.

Caithfear aitheantas a thabhairt fosta don ról lárnach atá ag COGG maidir le taighde ar an Ghaelscolaíocht agus ar an oideachas Gaeltachta achoimisiúnú agus a mhaoiniú. Cuidíonn an obair thaighde seo lenár dtuiscint ar na riachtanais ar leith oideachais sna comhthéacsanna seo. Sampla iontach den taighde seo ná an leabhar ar an sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta le Péterváry et al a seoladh inné. Cuirfidh an taighde seo go mór leis an gcorpas taighde atá ar fáil ar an oideachas sa Ghaeltacht. Tá sé i gceist ag an Roinn, iniúchadh a dhéanamh ar an taighde seo fosta, i gcomhthéacs an taighde ábhartha eile atá foilsithe, mar chuid d’athbhreithniú na Roinne ar an oideachas sa Ghaeltacht.

Mar atá fhios agaibh, tá COGG comhlonnaithe leis an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) le bliain go leith anois. Creidim go bhfuil deis mhór ag COGG le tionchar ar leith a imirt ar ábhair ar ardcháilíocht don churaclam Gaeilge a fhorbairt, i gcomhpháirt leis an CNCM. Sampla rathúil den chomhoibriú seo is é an chomh-aighneacht ó COGG agus CNCM ar chlár Gaeilge ar leith a fhorbairt do scoltacha atá ag feidhmiú trí Bhéarla.

Athbhreithniú ar Oideachas sa Ghaeltacht
Ba mhaith liom anois m’aird a dhíriú ar an athbhreithniú ar oideachas sa Ghaeltacht atá ar siúl ag an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi láthair ar mhaithe le roghanna a aithint i dtaca le soláthar an oideachais i mbun agus in iarscoltacha Gaeltachta. Níl dabht ar bith ach gur obair ar leith agus chasta í seo mar gheall ar na héagsúlachtaí sochtheangeolaíocha atá le fáil sna limistéir Ghaeltachta agus sna scoltacha Gaeltachta.

Is ábhar lucháire dom a rá gur mór an dul chun cinn atá déanta ó thaobh an obair seo a thabhairt chun críche. Faoin am seo, tá athbhreithniú déanta ar thaighde a foilsíodh sa tír seo agus dréacht-thuarascáil curtha le chéile.. Tá tuarascáil eile réidh ag buíon taighdeoirí ó Choláiste Phádraig ar thaighde idirnáisiúnta ar na beartais agus ar na cleachtais i ndlínsí eile. Tá dréacht-thuarascáil réidh fosta ag an Chigireacht ar chás-staidéir ar an chleachtas trí mheán na Gaeilge, i sampla de scoltacha. Chomh maith le sin, tá anailís mhapála déanta ar an soláthar agus ar an éileamh ar oideachas sa Ghaeltacht sna limistéir phleanála teanga úra atá sainaitheanta faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Tá sé ar intinn go mbeidh plécháipéis réidh le haghaidh comhairliúcháin go luath in 2015. Beidh COGG ag cuidiú leis an Roinn leis an phróiseas comhairliúcháin a chur i bhfeidhm. Beidh deis ag páirtithe leasmhara Gaeilge agus Gaeltachta, ar an stáitse náisiúnta agus go háitiúil, a bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin sin.

Tacaíochtaí ón Chigireacht do Scoltacha Lán-Ghaeilge
Tá obair leanúnach ar siúl ag an Chigireacht chomh maith chun an tseirbhís chigireachta dhátheangach is fearr a chur ar fáil do scoltacha. Le linn na bliana 2013, thug an Chigireacht cuairteanna tacaíochta, ó thaobh an féinmheastóireacht scoile, ar mhórlach na mbun agus iar-bhunscoltacha lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Sa tréimhse chéanna, rinneadh obair chigireachta i dtromlach na n-iar-bhunscoltacha Gaeltachta nó lán-Ghaeilge, agus in aon chúigiú de na bunscoltacha Gaeltachta nó lán-Ghaeilge. Tá an Chigireachta de shíor ag amharc le seirbhís ar ardcháilíocht a sholáthar i nGaeilge agus í sin a fheabhsú.

Díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge
Mar is eol daoibh, tá athbhreithniú ar siúl ag an Roinn ar líon agus treochtaí na ndíolúintí atá á mbronnadh ó staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge. Tá roinnt snáitheanna san athbhreithniú seo, ina n-áirítear anailís ar staitisticí agus ar thaighde seachtrach ábhartha. Rinneadh cás-staidéir i sampla beag de scoltacha chomh maith. Mar thoradh ar an athbhreithniú seo, tá sé i gceist go n-ullmhófar tuarascáil agus dréacht-imlitir úr le treoirlínte do thuismitheoirí. Beidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe in 2015.

Saincheisteanna a bhaineann le hOideachas Lán-Ghaeilge
Ba mhaith liom anois tagairt a dhéanamh do shaincheisteanna eile atá ábhartha d’earnáil na scoltacha lán-Ghaeilge. Ina measc seo, tá cóiríocht sna scoltacha, an painéal ath-imlonnaithe, polasaí iontrála na scoltacha, agus dáileadh acmhainní do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Cóiríocht sna scoltacha

Aidhm de chuid na Roinne seo agamsa, thar aon ní eile, is ea a chinntiú go mbeidh rochtain ag an uile pháiste ar áit scoile, go fisiciúil, agus go mbeidh an córas scolaíochta againn in ann freastal ar líon daltaí atá ag méadú. I bhfianaise an ardaithe ar líon na ndaltaí atá tuartha, agus an dáileadh acmhainní a cheaptar go mbeidh ar fáil, b’éigean an clár tógála scoile, go ceann i bhfad, a chur chun fónaimh don fhás faoin daonra. Dá thairbhe sin, ní raibh sé d’acmhainn na tionscadail ar fad a chur ar aghaidh chun tógála in éineacht.

Mar sin féin, tá áthas orm a rá, ón mbliain 2008 i leith go 2014, gur tugadh 33 mhór-thionscadal tógála chun críche, a chuimsigh 29 mhór-thionscadal do Ghaelscoileanna agus 4 mhór-thionscadal do Ghaelcholáistí; tá cóiríocht nua-aimseartha ar ardcháilíocht curtha ar fáil leo seo do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do phobal na scoile níos leithne. Chomh maith leis sin, tá 37 mhór-thionscadal tógála, a chuimsíonn 31 Ghaelscoil agus 6 Ghaelcholáiste, á gcur ar aghaidh sa Roinn seo agamsa, faoin Phlean Tógála 5 Bliana, a fógraíodh i mí an Mhárta 2012.

Mar a luaigh mé ar ball, ní hacmhainn san am i láthair, na hiarratais uile ar mhór-thionscadal a chur ar aghaidh chuig pleanáil ailtireachta. Mar sin féin, chun freastal ar riachtanas láithreach, déanfaidh an Roinn plé chomh maith, le hiarratais ó Ghaelscoileanna agus ó Ghaelcholáistí ar mhaoiniú cineachta ar mhaithe le soláthar a dhéanamh ar sheomraí ranga príomhshrutha atá riachtanach; déanfar plé leis na hiarratais seo, ceann ar cheann, i gcomhthéacs an mhaoinithe atá ar fáil agus gar-riachtanais chóiríochta na scoile.

Bille Oideachais (Iontráil ar Scoltacha)
I mí an Mhárta 2014, shocraigh an Rialtas an Bhille Oideachais (Iontráil ar Scoltacha) a dhréachtú. Is é an aidhm atá leis an chreat seo ná córas iontrála scoile a chur i bhfeidhm, do bhun agus d’iar-bhunscoltacha, a bheidh cóir, trédhearcach agus comhsheasmhach, ar mhaithe le achan pháiste. Mar is eol daoibh, tá an próiseas comhairliúcháin leis an phobal thart, ach tá cíoradh cúramach á dhéanamh go fóill ag an Roinn ar na haighneachtaí ó na páirtithe leasmhara éagsúla, Gaelscoileanna Teoranta san áireamh.

An Painéal Ath-Imlonnaithe
Is ábhar lúcháire dom a rá go raibh leibhéal ard sástachta i measc na bpáirtitithe leasmhara, ionadaithe na scoltacha lán-Ghaeilge san áireamh, leis an socrú phíolótach don phainéal ath-imlonnaithe, a cuireadh i bhfeidhm don bhliain 2014/2015. Thug sé seo rogha do mhúinteoirí a bhfuil sainspéis agus cumas maith sa Ghaeilge acu, a chur in iúl an mbeadh siad sásta go ndéanfaí iad a athimlonnú go scoil a fheidhmíonn trí Ghaeilge.

Ag eascairt as an phlé leis na páirtithe leasmhara, beidh leasuithe áirithe ag teacht i bhfeidhm a chuideoidh le scoltacha, scoltacha lán-Ghaeilge ina measc, a chinntiú go bhfeidhmeoidh an próiseas ath-imlonnaithe go héifeachtúil don bhliain 2015/16.

Dáileadh acmhainní do pháistí le riachtanais speisialta
Mar is eol daoibh, mhol tuairisc ón Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta, a foilsíodh i Meitheamh 2014, go mbunófaí múnla ar leith do dháileadh acmhainní úra do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu de réir próifíl oideachais scoile a thabharfadh bonnlíne dáilte ar leith d’achan ghnáthscoil. Tá an t-eolas cuí á chruinniú ag an Roinn Oideachais faoi láthair ar mhaithe leis an mhúnla a fhorbairt. Chuaigh an Roinn i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara nuair a foilsíodh tuairisc na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta. Is mian liom a dhearbhú go leanfaidh an próiseas comhairliúcháin ag achan chéim d’fhorbairt na moltaí don mhúnla úr.

Críoch
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a dhearbhú arís go bhfuil téama na comhdhála seo, agus ceist an leanúntais san oideachas lán-Ghaeilge, fíor-thábhachtach. Tá deis iontach ag Gaelscoileanna Teoranta sa ról úr atá acu, le beatha agus brí a chur san oideachas trí Ghaeilge ag na leibhéil éagsúla, agus é sin a neartú go leanúnach, do na glúnta atá le theacht.

Guím gach rath ar obair na comhdhála seo, agus ar bhur saothar sa bhliain amach romhaibh. Tá mé fíorchinnte go bhféachfaidh sibh i gcónaí leis an soláthar oideachais lán-Ghaeilge ar an chaighdeán is airde agus is féidir, a chur ar fáil do na scoláirí atá faoi bhur gcúram.

Míle buíochas daoibh uilig.