Méid an Téacs

Pacáiste nua POBAL dírithe ar pháistí

Meán Fómhair 9, 2011

Tá pacáiste do pháistí curtha le chéile ag an eagraíocht Gaeilge, POBAL, bunaithe ar an taispeántas ‘Súil Charad’ atá bunaithe ar fhoilseacháin i nGaeilge le breis is 200 bliain.

D’oscail POBAL ‘Súil Charad’ ceithre mhí ó shin agus tá sé i ndiaidh bogadh timpeall leabharlanna Bhéal Feirste. Bhog sé go Leabharlann na Carraige Báine ar an 2 Meán Fómhair agus beidh sé ann go dtí an 7 Deireadh Fómhair. Tá Séimí Mac Aindreasa, Oifigeach Forbartha le POBAL, ag súil go mbeidh an-chuid suime ag na scoileanna sa taispeántas agus go gcabhróidh an pacáiste leo.

“Chonaic muid deis chun scéal na bhfoilseachán seo a thabhairt chuig páistí óga agus daltaí na nGaelscoileanna, mar seo cuid de scéal agus cúlra s’acu féin,” a deir Séimí. Tá ceisteanna, crosfhocail, tomhais agus cluichí sa phacáiste ionas go mbeidh na páistí ag foghlaim i mbealach taitneamhach. Lá iomlán a bheidh i gceist do pháistí i nGaelscoileanna agus na páistí is óige sna Gaelcholáistí. Beidh sé úsáideach do pháistí sna scoileanna Béarla freisin atá ag foghlaim Gaeilge. Tá an t-eolas ar fad sna seastáin, sa leabhrán agus sa phacáiste dátheangach, agus tá fáilte roimh chách teacht lena fheiceáil. Níl aon chostas ag baint leis do na scoileanna.

Beidh ‘Súil Charad’ le feiceáil mar chuid de lá mór na Gaeilge, Cearta agus Ceiliúradh, in Aonach Naomh Seoirse, ar an 9 Deireadh Fómhair, agus ansin i Leabharlann an Iúir ar feadh an chuid eile de mhí Dheireadh Fómhair.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó 02890 438132 nó oforbartha2@pobal.org

09 Meán Fómhair 2011

www.gaelsceal.ie