Méid an Téacs

Picnic Náisiúnta do theaghlaigh le Gaeilge

Bealtaine 24, 2012

Fud fad na tíre beidh teaghlaigh ag spraoi trí mheán na Gaeilge ag picnicí ar 27 Bealtaine mar chuid de phicnic náisiúnta Chomhluadar.

Is eagraíocht í Comhluadar a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge.

Beidh an phríomhphicnic ar siúl i bPáirc Naomh Éanna, Rath Fearnáin, Baile Átha Cliath ach beidh picnicí eile á reáchtáil ar fud na tíre, ina measc, Co. Dhoire, Dún na nGall, Co. Longford, Co. Lú, Co. Mhaigh Eo agus Co. Luimnigh.

Deir  Nicole Ní Cheallaigh, Oifigeach Imeachtaí Náisiúnta le Comhluadar: ‘Is deis iontach í an Phicnic Náisiúnta do ghrúpaí atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile agus imeacht nádúrtha i nGaeilge a bheith acu. Tá neart suime léirithe ag ár mbaill féin agus ag grúpaí pobail ann.’

Ní cúis imní é mura luaitear do cheantar thuas. Is féidir do phicnic féin a eagrú agus í a chlárú le Comhluadar  agus beidh pacáiste áiseanna á chur ar fáil do gach aon dream a dhéanann a bpicnic a chlárú leo.

Tá fáilte roimh gach duine chuig an bPicnic Náisiúnta, cé go bhfuil sí dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil sé ar intinn acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí.
Bíonn imeachtaí den tsaghas seo á n-eagrú go minic ag Comhluadar chun deis a thabhairt do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí eile atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge chomh maith.

Tá sé i gceist ag Comhluadar An Phicnic Náisiúnta a eagrú go bliantúil amach anseo.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bPicnic Náisiúnta ar an suíomh gréasáin www.comhluadar.ie