Plean na bliana don Straitéis Teanga foilsithe inniu
Samhain 3, 2011
Foilsíodh plean forfheidhmithe na Roinne don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge inniu, 2 Samhain.
Sa phlean tá cur síos ar na gníomhaíochtaí is mó a bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag díriú orthu i gcaitheamh na bliana 2011, cuid acu atá bainte amach cheana féin agus roinnt gníomhaíochtaí eile atá le tionscnamh roimh dheireadh na bliana.
Leagtar amach sa phlean na struchtúir agus na grúpaí leasmhara a bheidh ag plé le forfheidhmiú na Straitéise ina measc, coiste rialtas faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht, grúpa oifigeach sinsearach, grúpa idir-rannach agus grúpaí oibre ardleibhéil.
Bunófar trí ghrúpa ardleibhéil roimh Earrach 2012 agus beidh siad go léir ag plé le réimsí ar leith sa Straitéis, ina measc grúpa ardleibhéil ar chur i bhfeidhm na straitéise; grúpa ardleibhéil ar ghníomhaíochtaí i réimse an oideachais agus grúpa ardleibhéil chun díriú ar fhiontraíocht sa Ghaeltacht.
Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i Mí na Nollag 2010 agus tá sé mar sprioc ag an Straitéis líon na ndaoine a labhraíonn na Gaeilge a ardú ó 83,000 go 250,000 agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú faoi 25%.
Tá deimhnithe sa phlean go bhfoilseofar Bille Gaeltachta in 2012 agus go ndéanfar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 roimh dheireadh na bliana.
Deirtear freisin go bhfógrófar scéim nua in áit Scéim Labhairt na Gaeilge faoi Nollaig 2011 agus go ndéanfar anailís ar na limistéir phleanála teanga faoi Nollaig 2011
Chomh maith leis sin deirtear go gcuirfear tús le hathbhreithniú ar eagraíochtaí pobalbhunaithe sa Ghaeltacht roimh Nollaig 2011. Deirtear sa phlean go mbeidh ar Fhoras na Gaeilge tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 Seachtain a thionscnamh maidir le dréacht-scéimeanna an Fhorais do na heagrais bhunmhaoinithe.
Thug an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D le fios inniu go mbeidh an Roinn ag dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir leis an dréachtphlean forfheidhmithe trí bliana 2012-2014 go luath.
©Foilsithe ar Gaelport.com