Méid an Téacs

Pobal Mhúscraí á bhrú le maoiniú neamh-chaite Euro 15,000 a úsáid

Deireadh Fómhair 23, 2013

TÁ MUINTIR Ghaeltacht Mhúscraí á mbrú chun leas a bhaint as maoiniú forbartha neamh-chaite de chuid Euro 15,000 nach mór a úsáid roimh dheireadh na bliana.

Tá an t-airgead seo saincheaptha don cheantar faoin gClár Forbartha Pobail agus Áitiúil (LCDP) agus tá sé á dháileadh ag Comhpháirtíocht Forbartha Iarthar Chorcaí (WCDP). Thug an chomhpháirtíocht faoi riaradh na scéime seo agus scéimeanna maoinithe eile i nGaeltacht Mhúscraí tar éis cliseadh Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus, go dtí an samhradh seo, bhí oibrí forbartha do cheantar Mhúscraí fostaithe acu a bhí lonnaithe san Ionad Áise i Réidh na nDoirí.

Tar éis dó siúd fágaint chun tabhairt faoi phost eile, níor ceapadh oibrí forbartha ionaid don cheantar, rud a bhí mar chúis le héiginnteacht maidir le riaradh na gcistí do cheantar Mhúscraí, atá a mbainistiú anois ó oifigí WCDP i mBeanntraí agus i gCloch na Coillte. Chuir Kathryn Kingston, oifigeach forbartha i mBeanntraí, iallach ar mhuintir Mhúscraí dul i mbun teagmhála leis an eagraíocht le hiarratais ar chúrsaí agus tionscadail forbartha pobail a luaithe agus is féidir. Tá seacht gcúrsa á bhfógairt aici le reáchtáil san Ionad Áise cheana féin, iad ar fada atá saor in aisce do mhuintir na gaeltachta. Murach seo bheadh sé costasach go maith freastal ar na cúrsaí seo, le costas Euro 3,500 in aghaidh an duine do chúrsa amháin atá á eagrú – maidir le sábh slabhrach a fheidhmiú – dá mba rud é go raibh sé á eagrú go príobháideach.

Tá níos lú ná leath den bhuiséad Euro 15,000 atá fágtha don cheantar leithdháilte agus tá WCDP ag breithniú ar ghníomhaíochtaí do sheanóirí, daoine óga agus earnálacha uile an tsochaí, agus iad i mbun teagmhála le grúpaí pobail maidir le go leor tionscadal nua. “Is féidir le duine ar bith iarratas a dhéanamh, idir grúpaí óige agus daoine scothaosta, agus d’fhéadfaí aon rud in aon chor a chlúdach,” a mhínigh Kathryn Kingston. “D’fhéadfadh gur cúrsaí a bheadh iontu chun cáilíocht na beatha a fheabhsú nó d’fhéadfadh go mbeadh baint acu le cúrsaí fostaíochta; chomh fada agus go bhfuilid féideartha agus praiticiúil le reáchtáil sna hionaid atá ar fáil.” Níl an babhta maoinithe is déanaí ar fáil ach go dtí deireadh na bliana seo agus chuir Kathryn iallach ar dhaoine úsáid a bhaint as sula gcaillfí é toisc nach féidir an buiséad a thabhairt anonn chuig an mbliain seo chugainn.

Mar sin féin, thug sí le tuiscint go mbeadh Gaeltacht Mhúscraí ar tí babhta nua maoiniú LCDP a fháil ó mhí Eanáir, go dtí mí an Mheithimh 2014. Ag an bpointe sin, faoi mholtaí athchóirithe an rialtais áitiúil, táthar ag ceapadh go nglacfaidh coistí soch-eacnamaíocha atá faoi riarachán na n-údarás áitiúil freagracht as bainistiú agus scaipeadh an chláir maoinithe seo agus a thuilleadh eile nach é atá á riar i láthair na huaire ag cuideachtaí forbartha áitiúla cosúil le WCDP, ag fágaint todhchaí na ngrúpa ús go mór in amhras.

www.eveningecho.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 23 Deireadh Fómhair 2013

Evening Echo – Pet OConnell