Méid an Téacs

Postanna i mbaol i nGaelscoil i Sligeach

Deireadh Fómhair 18, 2011

Tá imní léirithe ag Gaelscoil Chnoc na Ré i Sligeach go mbeidh ar an scoil beirt mhúinteoir a ligean chun siúil ag deireadh na míosa mar gheall ar chinneadh a rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna deireadh a chur leis an gcóimheas daltaí le múinteoirí fabhrach a bhí ann i ngaelscoileanna.

Tá an scoil lonnaithe i gcóiríocht shealadach ó bunaíodh é sa bhliain 1996 agus tugadh le fios i dtuarascáil sláinte agus sábháilteachta a rinneadh sa bhliain 2009 go raibh na ranganna scoile ró-phlódaithe agus róbheag do na 177 dalta a bhíonn ag freastal ar an scoil. Tiocfaidh méadú ar líon na bpáistí sna ranganna go léir mar thoradh ar an gcinneadh dar le Mícheál Ó Broin, príomhoide na scoile.

Beidh ar an Príomhoide  filleadh ar ais ar an seomra ranga mar gheall ar an gcinneadh agus dúirt sé inniu go raibh ceisteanna ann maidir le dearcadh na Roinne Oideachais i leith an ghaeloideachais.

“ Is buille marfach i ndiaidh buille marfach atá ag teacht” a dúirt an Príomhoide, “agus tá an cinneadh bunaithe ar réasúnaíocht airgeadais amháin.”

Tá sé den tuairim go bhfuil  bunús láidir oideachasúil agus teangeolaíochta leis an gcóimheas agus go bhfuil an cinneadh ag teacht salach ar an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a d’aithin ról lárnach na ngaelscoileanna.

Bhí an Príomhoide ag labhairt ag lá oscailte a reáchtáladh do na meáin sa scoil. Tá an scoil ag éileamh ar an Aire tarraingt siar ar an gceist.

©Foilsithe ar Gaelport.com