Méid an Téacs

Próiseas Comhairliúcháin maidir le maoiniú na nEagras Gaeilge fógartha

Eanáir 9, 2012

Cuirfear tús inniu le próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis  an struchtúr úr maoinithe atá beartaithe do na heagrais Gaeilge.

Tabharfar cuireadh don phobal, do na heagraíochtaí Gaeilge agus d’eagraíochtaí  leasmhara eile ceistneoir a líonadh faoi na scéimeanna atá beartaithe sa tsamhail nua mhaoinithe.

Fógraíodh chomh maith go tionólfar ócáid phoiblí i ngach aon Chúige agus go mbeidh fócas-ghrúpaí le reáchtáil mar chuid den phróiseas freisin.

Faoin samhail nua, tiocfaidh athrú suntasach ar an mbealach ina dtabharfar maoiniú do na heagrais Ghaeilge. In áit bunmhaoiniú bliantúil, beidh ar na heagrais cur isteach ar na scéimeanna áirithe mar atá luaite sa tsamhail nua.

Bhí sé mar údar imní do na heagrais Ghaeilge anuraidh nár tugadh aon aird ar na hargóintí a bhí a dhéanamh i gcoinne na samhla agus d’iarr an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar Fhoras na Gaeilge tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain a chur ar fáil go háirithe leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe.

Deir Foras na Gaeilge go bhfuil sé mar aidhm ag an athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagras ná a chinntiú go bhfeabhsófar an bealach ina gcuirtear seirbhísí agus eolas ar fáil do phobal na Gaeilge, earnáil inmharthana agus cumasach a chinntiú agus luach níos fearr ar airgead a chinntiú.

Fógraíodh go mbeadh an tsamhail bunaithe ar thosaíochtaí straitéiseacha agus bunphrionsabail phleanála teanga, stádas, cumas agus úsáid.

I ndáil ar sin déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh de na hocht scéim ina measc: scéim abhcóideachta, scéim áiseanna foghlamtha, scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Sceim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail.

Deir Foras na Gaeilge go mbeidh aon eagraíocht amháin nó líon teoranta eagraíochtaí, más gá ag feidhmiú gach scéime.

Cuireadh tús leis an bpróiseas athbhreithnithe  ar  na 19 n-eagraíocht Ghaeilge bhunmhaoinithe chomh fada siar agus 2008. Tá 7 gcinn de na heagrais lonnaithe i dTuaisceart Éireann agus 12 eagras lonnaithe sa Deisceart.
Chuir Jimmy Deenihan T.D., Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire Stáit le freagracht speisialta as Gnóthaí Gaeltachta agus Carál Ní Chuilín CTR, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart, fáilte roimh an seoladh inniu.

Leanfar leis an bpróiseas comhairliúcháin go dtí 02 Aibreán. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaeilge.ie.

Beidh tuilleadh eolais agus plé faoin bpróiseas comhairliúcháin agus faoin athbhreithniú sa nuachtlitir Eolas a fhoilseofar amárach ar Gaelport.com

©Foilsithe ar Gaelport.com