Méid an Téacs

Ranganna oíche le buachan ó Ghaelchultúr

Eanáir 20, 2015

Cuirfear tús le ranganna oíche Gaeilge Ghaelchultúir do dhaoine fásta i gceann coicíse (2-5 Feabhra 2015) i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Tá comórtas á reáchtáil againn le gur féidir le duine ámharach amháin cúrsa iomlán 10 seachtaine a bhuachan saor in aisce (sonraí thíos). Seo iad na ranganna a chuirimid ar fáil: Bunrang 1, Bunrang 2, Meánrang 1, Meánrang 2, Ardrang agus Cruinneas sa Ghaeilge.

Is féidir bualadh isteach chugainn ag 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, an tseachtain seo chugainn, Dé Máirt (27 Eanáir), Dé Céadaoin (28 Eanáir) nó Déardaoin (29 Eanáir) idir 5pm agus 7pm le haghaidh measúnú saor in aisce. Ní thógann an measúnú sin ach timpeall ceathrú uaire.

Más mian leat triail a bhaint as rang 20 nóiméad agus blaiseadh a fháil d’ár gcur chuige teagaisc, tar chuig imeacht saor in aisce, Blaiseadh den Ghaeilge, a bheidh á reáchtáil againn an Satharn seo, 24 Eanáir, idir 12pm agus 1pm. Fáilte roimh chách!

Is féidir rang oíche a chur in áirithe anois ar www.gaelchultur.com ach cliceáil anseo nó trí glaoch orainn ar (01) 484 5220.

Comórtas
Más mian leatsa áit saor in aisce a bhuachan ar an gcúrsa Gaeilge de chuid Ghaelchultúir a bheidh ag tosú ag tús mhí Feabhra, seol teachtaireacht ríomhphoist agus “Comórtas: Ranganna Oíche” mar theideal uirthi chuig eolas@gaelchultur.com faoi 1.00pm, Déardaoin, 22 Eanáir 2015. Ní mór duit an cheist seo a fhreagairt sa ríomhphost:

Cé mhéad leibhéal éagsúla atá ar fáil i gcás ranganna oíche Gaeilge Ghaelchultúir?

Fógrófar an buaiteoir ar www.gaelchultur.com ag 5.00pm Dé Luain seo chugainn, 26 Eanáir 2015.