Méid an Téacs

Roinn ‘Gaeltachta’ nua agus ábhar Gaeilge nua don Ardteist luaite i bhforógra Fhianna Fáil

Feabhra 11, 2016

Ach iad a bheith i gcumhacht, d’fhéachfadh Fianna Fáil ar ábhar Gaeilge breise nua a thabhairt isteach mar rogha do dhaltaí na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh chun freastal ar riachtanais an chainteora dúchais agus cainteoirí líofa eile.

Dhéanfaí deimhin de, a mhaítear san fhorógra, An Ireland for All, go mbronnfaí ar scoileanna Gaeltachta na háiseanna agus ‘an tsaoirse’ chun an teanga a mhúineadh ar bhealach ‘a bheadh éifeachtach agus oiriúnach’.

Gealltar san fhorógra go ndéanfadh an páirtí slí ag bord an rialtais d’Aire Sinsearach a mbeadh cúram sonrach na Gaeltachta air, ceann de na héilimh réamhthoghcháin atá ag Conradh na Gaeilge.

Deirtear i bhforógra toghcháin an pháirtí, ar seoladh ar maidin i mBaile Átha Cliath é, go mbunódh an páirtí roinn nua a bheadh freagrach as cúrsaí pobail, tuaithe agus Gaeltachta.

Chuirfeadh an páirtí maoiniú breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge agus bhunóidís coiste Oireachtais buan chun plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, an dá éileamh eile atá ag Conradh na Gaeilge. Gealltar go gcuirfí €3 mhilliún breise ar fáil chomh maith do thograí de chuid Údarás na Gaeltachta.

Deir an páirtí go gcuirfidís €3 mhilliún ar fáil gach bliain do chur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain na Gaeilge.
Thacódh an páirtí le hOifig an Choimisinéara Teanga agus thabharfaidís reachtaíocht isteach chun go mbeadh Acht na dTeangacha Oifigiúla ‘níos éifeachtaí’.

Gealltar san fhorógra go dtógfaí ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach agus go gcinnteofaí go mbeadh an seasamh céanna ag an nGaeilge is atá ag teangacha eile an Aontais.

Déantar cáineadh in An Ireland for All ar pholasaí an Rialtais i dtaobh na teanga.

“Sadly, the current government lacks any real commitment to the language or the protection of language rights.

“Fine Gael and Labour have continuously downgraded the status of the Irish language.”

I mBéarla amháin atá forógra Fhianna Fáil ar fáil faoi láthair ach gealltar go mbeidh leagan Gaeilge de ar fáil tráthnóna.

www.tuairisc.ie