Méid an Téacs

Saol – Nuacht na Scoileanna

Meán Fómhair 14, 2012

Gaelscoil na Mí
Scata de dhea-scéalta againn anseo daoibh ar an fhás atá ag teacht i gcónaí ar líon na nGaelscoileanna fud fad na tíre. Flosc faoin fhás i líon na naíonraí nua – 32 cinn – chomh maith. Síolta mustaird gan aon agó. Ta roinnt eolais thíos faoi staid na Gaelscolaíochta chomh maith, ach ar dtús tuairiscí ó Ghaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin, ó Ghaelscoil Neachtain i nDún Geimhin, Co Dhoire, ó Ghaelscoil an Chuilinn i mBaile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15 agus ó Ghaelscoil Eiscir Riada (Leamhcán, Co. B.Á.C.). Is i dtús a dara bhliain atá Gaelscoil na Mí. D’eascair buanú agus fás na scoile ó céadbhunaíodh í i Ráth Tó le deichniúr ar na rollaí. Anois táid lonnaithe 10 míle thíos an bóthar i bhfoirgneamh sealadach snasta ar thailte Chumann Lúthchleas Gael Dhomhnach Mhór /Chill Dhéagláin. Bhí sé de phribhléid ag SAOL seal a chaitheamh, le gach cead chuige seo faighte, sa scoil féin agus go fiú bualadh leis an fhoireann agus 65 scoláire. Is le Trish Ní Mhaolagáin, príomhoide, le Clár Ní Mhaoláin agus le Fionnuala Nic Cába, múinteoirí, le Pauline O Néill, treoraí, agus le Joanna Uí Mhíocháin, rúnaí nuacheaptha na scoile, a bhuaileamar. De bhunadh Phort Laoise í Trish, agus seal caite aici ar fhoireann Ghaelscoil ‘iontach’ Thaobh na Coille ag bun shléibhte Bhaile Átha Cliath. Bhí a sháith deacrachtaí le sárú le linn bhunú na scoile i Ráth Tó, ach is uisce faoin droichead an léinn sin uile anois agus todhchaí chinnte dhóchasach roimh Ghaelscoil na Mí. Ainneoin nár tógadh le Gaeilge í féin, seoladh chuig scoil chónaithe Choláiste na Rinne í agus í dhá bhliain déag d’aois agus, mar a deir an té a chum, ‘claochlaíodh a saol’ ó shin. Chaith sealanna samhraidh i gColáiste Lorgain Chonamara ina dalta, ina ceannaire agus ina múinteoir, agus bhain a cuid cáilíochta amach i gColáiste Mhuire gan Smál Luimnigh. Nuair a chéadoscail doirse na scoile i gCill Dhéagláin bhí 35 dalta cláraithe agus an líon sin dúbailte nach mór i mbliana. Ina measc sa chéad bhliain bhí triúr páistí On Laitvia – Julia Saicenko, Adrians Zmijs agus Nokita Markule. Táid triúr líofa i dtrí theanga anois! Lúcháir ar a dtuismitheoirí go ndearnadar an rogha a rinneadar ainneoin iad beagán amhrasach ar dtús. Bíonn Trish ag moladh na dtuismitheoirí go spéir agus, ina dteannta, Aeidín Ní Mhaoilidigh, an múinteoir rince. Ta cáil nach beag ar Aedín, iníon Mhattie Maleady, ar dheis De go raibh sé ag rince, ac ucht a feabhais mar oiliúnóir rincí Gaelacha. Gan amhras, agus áiseanna den scoth ar fáil sa chlub agus ar an bpáirc buailte leo, imrítear peil agus iomáint. Snámh á theagasc chomh maith ach ní in aghaidh aon sórt easanna! Maidir leis na tuismitheoirí tá seisiúin Mhamaí Linigh le atosú. Tagann na mamanna lena bpáiste is óige agus cleachtar comhrá agus amhránaíocht Ghaeilge a fhad is a bhíonn na rudaí beaga ag súgradh. Sea, táid ar liosta tógála na Roinne Oideachais le haghaidh foirgneamh buan, ach níl aon rian den sean-sealadachas – cabáin liatha réamhdhéanta scartha óna chéile – bainteach leis an bhfoirgneamh atá acu. An ród rompu geal go maith ach i ndathanna glas agus buí na Mí.

Gaelscoil an Chuilinn

D’oscail Gaelscoil nua, Gaelscoil an Chuilinn, a doirse den chéad uair tá coicís ó shin. Is scoil nua Lán-Ghaeilge, comhoideachais le héiteas idir-chreidmheach í Gaelscoil an Chuilinn, faoi scáth An Fhorais Pátrúnachta i mBaile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15. D’oscail an scoil le ranganna naíonáin sóisir agus sinsir agus bhí lá iontach ag an bhfoireann agus ag na daltaí nua, dar le Príomhoide nua na scoile, Fergus Ó Conghaile. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Gaelscoil an Chuilinn, nó daltaí a chlárú leis an scoil nua, trí ghlaoch a chur ar an bPríomhoide Fergus Ó Conghaile ag 086-3236187 nó ríomhphost a sheoladh chuig gaelscoilanchuilinn@gmail.com

Gaelscoil Eiscir Riada

Foirgneamh breá úrnua a osclaíodh i Leamhcán le lucht uilig Ghaelscoil Eiscir Riada, idir scoláirí, mhúinteoirí, thuismitheoiri, ionadaithe an chomhlachta tógála agus na Roinne Oideachais i láthair chun an eochair a chasadh den chéad uair agus ré úr don scoil a sheoladh chun bóthair.

Gaelscoil Neachtain

Triúr is seasga scoláire atá ar rolla na gaelscoile nua i nDún Geimhin, Co Doire. Neamhspleachas ón ‘sruthachas’ atá bainte amach ag an scoil tareis naoi mbliana i gcomhar le Bunscoil Naoimh Chainnigh ar an bhaile. Suimiúil go maith agus briseadh fód nua ar fad go naithníoitar Gaelscoil Neachatuin mar Scoil Rialaithe (‘controlled school’ ). Is gnathach leo seo bheith ina scoileanna Phrodastúnacha ó thuaidh. Is i bhfoirgnimh scoil rialaithe i nDún Geimhin, a dhúnadh cúpla blian o shoin, a bheas Gaelscoil Neachtain lonnaithe i gceann bliain go leith nuair a deintear athchoiriú ar seo. Idir seo agus sin fanfar mar ionad i mBunscoil Naoimh Chainnigh ach beidh Priomhoide dá cuid fein acu agus an neamhspleachas uile a ghabhann le seo ina sheilbh. Mar comhrtha dóchais agus cinnteachta ta 25 páiste cláraithe sa naíscoil i mbliana.