Méid an Téacs

Scoláireachtaí €2,000 ar fáil

Lúnasa 1, 2013

Tá scéim scoláireachtaí fógartha ag Fiontar DCU do mhic léinn a chláraíonn don chúrsa MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais atá á eagrú acu.

Faoin scéim bronnfar cúig scoláireacht, dar luach €2,000 an ceann, ar an gcúigear mac léinn is fearr a n-éiríonn leo sa chéad bhliain den chúrsa.
Clár máistreachta páirtaimseartha thar dhá bhliain atá sa chúrsa ar a bhfreastalaíonn mic léinn ar champas DCU ar sé Shatharn in aghaidh an tseimeastair óna 10.00rn – 4.00in, rud a thugann deis do dhaoine nach bhfuil ina gcónaí i mBaile Átha Cliath tabhairt faoin gcúrsa.
Tugann an cúrsa seo deis dóibh siúd a  bhfuil bunchéim acu in ábhar seachas gnó nó teicneolaíocht faisnéise saineolas a fháil ar na hábhair sin – margaíocht, bainistíocht, cumarsáid, ilmheáin san áireamh. Gné tharraingteach den chúrsa ná go bhfuil an mheasúnacht ar fad bunaithe ar obair scríofa a dhéanann na mic léinn i rith na bliana.
Díríonn an clár ar chéimithe atá ag iarraidh poist bainistíochta agus forbartha sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, an t-oideachas san áireamh, a bhaint amach. Is féidir d’iarratas ar an gcúrsa seo a phróiseáil ar líne, ag www.pac.ie, agus tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa ar fáil ó Sally Mhic Dhomhnaill, 01 700 5614, www.dcu.ie/fiontar, fiontar@dcu.ie

www.advertiser.ie/galway