Méid an Téacs

Scoláireachtaí Lóistín chuig Inis Meáin do dhaltaí céad agus dara bliana!!!

Feabhra 13, 2015

Tá scoláireachtaí Lóistín dá dtairiscint do scoláirí ón mórthír a bhfuil cónaí orthu i limistéir taobh amuigh den Ghaeltacht chun freastal ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Árann ar feadh na bliana acadúla 2015-2016.

Beidh tús áite dá thabhairt d’iarratais ó scoláirí céad agus dara bliana.

Is é cuspóir na scoláireachtaí seo ná deis a thabhairt do dhéagóirí nach as an nGaeltacht dóibh, líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach. Maireann na scoláirí le teaghlach áitiúil ar Inis Meáin ar feadh na bliana, is í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh sna tithe seo agus faigheann na scoláirí léargas ar an nGaeilge mar theanga bheo agus mar gnáth theanga pobail. Fanann siad leis an gclann ar feadh na bliana, ag dul abhaile gach dara deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire.

Múintear réimse leathan ábhair tré mhéan na Gaeilge amháin sa scoil agus chomh maith leis an sealbhú teanga, tá buntáistí oideachais den scoth ag dul leis na scoláireachtaí seo. Is scoil bheag í Coláiste Naomh Eoin, le líon íseal daltaí, tréithe a chinntíonn go bhfaigheann gach dalta deis foghlaim go barr a gcumais mar go mbíonn áird a múinteoirí ar a dtoil acu. Tá an foireann teagaisc óg bríomhar agus sár-oilte ina gceird, rud a chinntíonn atmaisféar mealltach don foghlaim. Déanann na múinteoirí maoirseoireacht ar thréimhse staidéar tar éis scoile chun go mbeidh deis ag na gasúir a gcuid obair baile agus staidéar breise a dhéanamh ar a gcompóird.

Bronntar an scoláireacht ar bhun bliantiúil. Má bhíonn an scoil sásta go bhfuil an dalta ag déanamh dul chun cinn suantasach sa Ghaeilge agus go bhfuil sé/sí báúil ar shaol agus ar chultúr an oileáin d’fhéadfach dalta scoláireacht a fháil dá t(h)réimse oideachais dara leibhéal ina iomláine, agus tabhairt faoi scrúduithe na Ardteistiméireacht ar an oileán.

Is áit álainn chúin é Inis Méain, áit a bhfuil faoiseamh agus ionspraid le fáil taobh le taobh, é caoimhnithe ag am agus ag tradisiún, áit a dtarlaíonn spreagadh na foghlamtha go nadúrtha mar gheall ar a sceirdiúlacht agus a shaoirse ó chathú an t-saoil. Is tré Ghaeilge shaibhir dhúchasach a tharlaíonn an chumarsáid laethúil dá bhrí sin bíonn éileamh thar cuimse ar na scoláireachtaí seo mar gur deis iontach oideachais agus sealbhú teanga iad. Ní mór d’iarratas a sheoladh roimh 10/04/15 chun a bheith san iomaíocht.

Foirim Iarratais ar line ag www.colaistenaomheoin.ie

scléip inis meain

inis meain