Méid an Téacs

Seal i nGaoth Dobhair

Meán Fómhair 14, 2012

Ré na gcúrsaí éagsúla faoi lán seoil i nGaoth Dobhair le linn míonna Iúil agus Lúnasa. D’fhreastail 120 cloigeann cúrsaí Ghael Linn agus 200 ábhar múinteora cúrsa trí seachtaine Hibernia. Mar is leir ón chuntas a thug Eamonn Mac Niallais, Riarthóir Ionad na Gaeilge de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i nGaoth Dobhair, ba chun tairbhe na ndaltaí agus gheilleagar na háite na cúrsaí seo.

Chuir mic léinn Ghaeilge borradh mór fá cheantar Ghaoth Dobhair

Bhí beagnach 200 mac léinn ó Choláiste Hibernia, Baile Átha Cliath, ar chúrsa trí seachtaine i nGaoth Dobhair mar pháirt den Ard-Dioplóma sna Dána (Bunoideachas). Bhí an cúrsa á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Coláiste Lán-Ghaeilge de chuid OÉ, Gaillimh. Dúirt Príomhoide an chúrsa, Diarmaid Ó Tuama, go raibh sé breá sásta leis an dóigh ar éirigh leis an chúrsa.

“Bhí foireann teagaisc den scoth againn agus bhí na háiseanna san ionad agus sa cheantar thar barr. Bhain na mic léinn an-sult as agus d’fhoghlaim siad neart Gaeilge.”

Mhínigh Riarthóir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Gaoth Dobhair), Éamonn Mac Niallais, go raibh borradh mór fá cheantar Ghaoth Dobhair le linn na míosa de bharr na mac léinn uilig:

“Bhí 60 duine fásta anseo ag tús na míosa fá choinne chúrsa Ghael Linn. Thóg cuid acu a dteaghlach leo go Gaoth Dobhair. Bhí an grúpa mór ó Choláiste Hibernia anseo go deireadh na míosa.”

Lean Mac Niallais ar aghaidh agus mhínigh sé go mbíonn ról ríthábhachtach le himirt ag an phobal le linn chúrsaí an tsamhraidh:

“D’iarramar ar phobal Ghaoth Dobhair cuidiú leis na mic léinn seo a sprioc a bhaint amach, .i. snas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá mic léinn ábalta méid áirithe a fhoghlaim ins na ranganna ach ba ghá go labhródh muintir na háite Gaeilge leo ins na siopaí, ins na tithe tábhairne agus araile. Tá sé tábhachtach go bhfaca siad gur ceantar beo Gaeltachta é Gaoth Dobhair.”

Chuir Cathaoirleach Chumann Tráchtála Ghaoth Dobhair, Éamonn Mac Giolla Bhríde, béim ar na buntáistí eacnamaíochta a bhaineann leis an Ghaeilge don gheilleagar áitiúil:

“Chuir na mic léinn seo go mór le roinnt mhaith gnónna áitiúla. Bhí cuid de na mic léinn ag roinnt tí le chéile. Bhí teaghlaigh in éineacht le daoine eile agus tithe aonair faighte ar cíos acu. Mar sin, d’fhéadfá a rá go raibh suas le 400 cuairteoir i nGaoth Dobhair mar gheall ar chúrsa Gaeilge amháin! Bhain mná tí, óstáin, tithe tábhairne, bialanna, comhlachtaí tacsaithe srl. tairbhe as iad a bheith sa taobh seo tíre. Tá an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach an-luachmhar mar acmhainní. Tá an turasóireacht chultúrtha riachtanach do Ghaoth Dobhair le linn an laig trá eacnamaíochta seo.”

As gach cearn den tír iad na mic léinn ar an Ard-Dioplóma de chuid Choláiste Hibernia. Seo an chéad uair do roinnt mhaith acu bheith i nGaeltacht Dhún na nGall. Is léir go raibh siad ag baint an-sult as. Chuir an Baile Átha Cliathach, Nicola McGowan, síos ar an dóigh a mothaigh an grúpa ar fad:

“Níl bealach ar bith níos fearr le Gaeilge a fhoghlaim ná seal a chaitheamh i gceantar Fíor-Ghaeltachta. Níl tú ábalta ach méid áirithe a fhoghlaim sna ranganna. Bhí sé ina chuidiú mhór dúinn go rabhamar ábalta éisteacht le muintir na háite agus iad ag caint Gaeilge go nádúrtha. Ba chúrsa den scoth seo, in ionad den scoth, i gceann de na ceantair is deise sa tír! Is breá linn Gaoth Dobhair!”

I measc na gcúrsaí a bhíonn ar siúl san Acadamh tá Dioplóma sna Dána (Scileanna Teilifíse), Dioplóma sna Dána (Scileanna Aistriúcháin), Dioplóma sa Ghaeilge, Dioplóma sna Dána (Teicneolaíochtaí Gnó), Dioplóma sna Dána (Ríomhaireacht don Riarachán Gnó), Dioplóma sna Dána (Cleachtas Ealaíne), Teastas agus Dioplóma sa Bhéaloideas.

SAOL