Méid an Téacs

Seirbhísí i mBéarla amháin

Meitheamh 19, 2012

Is foinse eolais iontach é an suíomh idirlíon www.studentfinance.ie dóibh siúd a mbeidh ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí ard-oideachais.

Cuirtear síos ar gach cineál cúnaimh atá ar fáil do mhic léinn ó thaobh táillí agus deontas de agus luaitear na coinníollacha agus na sonraí ar fad a bhaineann le córas na ndeontas.  Is seirbhís iontach fhiúntach í a dhíríonn ar ábhar casta, coimpléascach.   Ach, níl fiúntas ar bith ag baint leis an méid seo más Gaeilgeoir tú a dhéanann gach gnó pearsanta trí Ghaeilge go laethúil.  Cé go bhfuil nasc ar an suíomh leis an leagan Gaeilge a roghnú, ní dhéanann sé sin ach ceannteidil agus fáiltiú an tsuímh a aistriú go Gaeilge.  Agus nuair a brúitear ar na ceannteidil Gaeilge, níl ar fáil ach eolas Béarla.

Nuair a rinneadh teagmháil leis an eagraíocht www.studentfinance.ie, maidir leis an easpa Gaeilge sa tseirbhís, dúradh gurb í príomhaidhm an tionscadail ná an suíomh a bheith beo agus ar fáil dóibh siúd atá de dhíth.

Is tionscadal é seo de chuid an Údarás um Ard-Oideachais, comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.  Arís, is suíomh fiúntach don phobal é www.hea.ie ach ní fhreastalaíonn an tseirbhís seo ar mhuintir Ghaeilge na tíre ach an oiread.  Níl ar fáil ach ceannteidil Ghaeilge a bhfuil nasctha le heolas Béarla nó an ráiteas Is oth linn a rá nach bhfuil an leagan Gaeilge le fáil fós.

Tá dualgas ar an Údarás um Ard-Oideachais suíomh gréasáin dátheangach a chur ar fáil de réir a scéim teanga a bhfuil i bhfeidhm ó 2008. Ach ní léir go bhfuil dualgas reachtúil orthu aon fo-shuíomh de chuid an Údaráis a chur ar fáil go dátheangach. Ní mór a rá ach go gcuireann seo lucht labhartha na Gaeilge faoi mhíbhuntáiste agus iad ag lorg eolais maidir leis an Údarás um Ard-Oideachais nó le hábhar a bhaineann le tacaíocht airgeadais do bhreisoideachas agus d’ardoideachas.

Tá go leor béime ar na suíomhanna áirithe seo faoi láthair agus níos mó daoine ná am ar bith roimhe seo ag lorg comhairle maidir leis an gcúnamh airgeadais atá ar fáil dóibh agus iad ag freastal ar an gcoláiste. Ag tús na míosa seo, mhol an tAire Oideachais Ruairí Quinn T.D. do dhaltaí scoile a raibh i gceist acu iarratas dheontais a fháil, an próiseas a thosú chomh luath agus is féidir.

Seoladh an tionscadal Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn le déanaí, seirbhís idirghníomhacha de chuid an Údaráis um Ard-Oideachais.  Is córas iarratais ar líne é do dheontais mhic léinn agus is suíomh é a fhreastalaíonn go cothrom ar chainteoirí chéad teanga na tíre seo.  Tá gach gné agus gach foirm iarratais ar an suíomh ar fáil trí Ghaeilge ach is deacair teacht ar an suíomh gan dul tríd www.studentfinance.ie nó www.citizensinformation.ie.  Anuas air sin, moltar do gach cuairteoir ar shuíomh an SUSI, suíomh atá á moladh go láidir ag an Roinn Oideachais lena n-áirítear Aire na Roinne, www.grantsonline.ie, gach eolas a fháil ó www.studentfinance.ie, suíomh nach bhfuil fáil ar bith ar an nGaeilge.

Cé go bhfuil dualgas ar an Údarás um Ard Oideachais seirbhís idirghníomhach a chur ar fáil trí Ghaeilge, rud atá déanta acu leis an tionscadal Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn, ba léir nach raibh tús áite tugtha d’eolas a bhaineann le tacaíocht airgeadais do bhreisoideachas agus d’ardoideachas do chainteoirí Gaeilge.

Arís, cuirtear Gaeilgeoirí na tíre faoi mhíbhuntáiste le seirbhísí úra nach bhfreastalaíonn ar an bpobal san iomlán.  Déantar neamhaird ar chéad teanga na tíre nuair nach cuirtear ar fáil ach leathsheirbhís.

Foilsithe ar Gaelport.com