Méid an Téacs

Seoladh Rith 2014

Samhain 14, 2013

Cuirfear tús le Rith 2014 i mBaile Bhúirne, Co Chorcaí, ar an 7 Márta 2014, tráth a chuirfear tús le ollrith 1,000km go Béal Feirste.
Is ollrith náisiúnta arson na Gaeilge atá i gceist le Rith 2014 agus le linn don ollrith beidh baitín sealaíochta, ina bhfuil teachtaireacht rúnda laistigh de, ag athrú láimhe idir daoine agus grúpaí reatha gach ciliméadar ar feadh naoi lá. Críochnóidh Rith 2014 le féile ollmhór pobail i gcroilár Bhéal Feirste ar an 15 Márta. Rachaidh an t-airgead ar fad ó Rith 2014 go Ciste Gaeilge a chuirfidh maoiniú ar fáil do ghrúpaí pobail Gaeilge ar fud na tíre.Arsa Cormac Ó Feinneadha, bainisteoir imeachta Rith 2014: “Tá áthas orainn go bhfuil an cúrsa nua do Rith 2014 leagtha amach anois.

Tá éagsúlacht ann i 2014 toisc go mbeidh muid ag rith thar oíche i mBaile Átha Cliath. Tá Rith tar éis dul ó neart go neart ó thosaigh an fhéile i 2010.”Is é Rith 2014 an tríú Rith a eagraíodh ó 2010, d’éirigh go hiontach lena himeachtaí i 2010 agus i 2012, ag mealladh suas go 20,000 agus 30,000 duine le páirt a ghlacadh iontu. Tagann an smaoineamh ó Thír na mBascach, áit go bhfuil an Korrika á rith acu ó 1980 i leith agus áit a nglacann breis agus 600,000 duine páirt san fhéile.

Tuilleadh eolais ag www.rith.ie

www.advertiser.ie