SIANSA GAEL LINN – CRAOBHCHOMÓRTAS 2015 AR TG4
Bealtaine 5, 2015
Craolfar clár speisialta faoi Chraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2015 ar TG4 amárach, Dé Céadaoin 6 Bealtaine, 8p.m.
Ghlac 8 ngrúpa thraidisiúnta ó cheann ceann na tíre páirt sa cheolchoirm iontach seo sa Cheoláras Náisiúnta ar 26 Aibreán, 2015. Bhí os cionn míle duine i láthair don ócáid. Beidh ceol agus amhránaíocht den scoth le cloisteáil – ná caill é !