Spraoi fichille
Samhain 14, 2011
Tugadh an deis do bhreis agus céad páiste ó scoileanna na príomhchathrach cluichí fichille a imirt i gcoinne máistrí iomráiteacha ó shaol na fichille inniu.
‘Spraoi Fichille ‘ a tugadh don ócáid inniu, áit a raibh cluichí fichille agus ceachtanna ar siúl trí mheán na Gaeilge le cabhair ó mhaistrí de chuid Aontas Fichille na hÉireann.
Chuir máistir náisiúnta san fhicheall, Éamon Keogh comhairle ar pháistí agus iad ag iompar agus ag spraoi le píosaí móra ar chlár fichille ollmhór sa Seomra Darach i dTeach an Ardmhéara inniu. Ní fhéadfá suíomh níos oiriúnaí a shamhlú don taispeántas fichille a bhí ar siúl ann.
Chomh maith leis sin bhí ficheall chomhuaineach ar bun ag an máistir náisiúnta, Mark Quinn agus bhí an t-ábhar mháistir David Fitzsimons ag imirt púicín fichille leis na bpáistí.
Ba í Úna O’Boyle a d’eagraigh an ócáid. Is imreoir agus múinteoir fichille í Úna agus ba é a hathar, Enda a chuir oiliúint uirthi agus ar pháistí eile ó Dhamhliag, Co. na Mí.
Ainmníodh leabhar óna peann, ‘Ficheall’ ar ghearrliosta do Ghradam Réics Carlo leabhar na bliana do pháistí i mí Dheireadh Fómhair agus tá ardmholadh faighte ag an leabhar Gaeilge a thugann treoir faoin gcluiche.
Mínítear sa leabhar ainmneacha agus cumhachtaí na bpíosaí go léir agus cuirtear comhairle ar an léitheoir maidir le modhanna agus straitéisí éagsúla, ina measc straitéis a d’fhorbair an ficheallaí iomráiteach, Bobby Fischer.
D’fhill Úna ar ais ar an bhficheall tar éis di dul ar seachrán ar feadh tamall fada agus ba é an tArdmháistir Alexander Baburin a d’fhiafraigh di an mbeadh suim aici ranganna fichille a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.
“ Bhí orm an-chuid taighde a dhéanamh agus ní raibh mórán eolais ar fáil trí mheán na Gaeilge mar gheall ar an gcluiche ag an am” , a deir sí. “Bhí a lán taighde le déanamh agam agus is dócha gurb as sin a tháinig síol an leabhair.”
Thóg sé cúig bliana uirthi an saothar a chur i gcríoch, mar gheall a deir sí “nach raibh an foclóir ann, ní raibh sé cumtha!” Chuir an Coiste Téarmaíochta comhairle uirthi ach ba iad na himreoirí óga a chuir tús leis an bplé maidir le téarmaí áirithe go minic.
Bhí deacrachtaí le téamaí áirithe, ‘passed pawn’ ina measc. “Thuig na páistí cad a bhí i gceist leis agus thuig siad an Ghaeilge chomh maith. Mhol páiste amháin go dtabharfaí ceithearnach imithe ar ‘passed pawn’. Rith sé liom go raibh cur amach iontach ag an bpáiste seo ar an nGaeilge agus ar an bhficheall! Faoi dheireadh tar éis dom dul i gcomhairle leis an gCoiste Téarmaíochta shocraíomar ar ‘Ceithearnach slán’ agus tá sé sa leabhar anois!”
Agus don té nach bhfuil cur amach aige nó aici ar an bhficheall, cad is brí le ‘ceithearnach slán? “ Bhuel”, a deir sí, “tá turas saor aige, dul ag an deireadh chun athrú ina bhanríon. Mar sin tá sé an-láidir!”
Ba í Úna a chuir ‘Ficheall’ i gcló le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus rinne Noel Long na maisiúcháin sa leabhar.
Fógrófar na buaiteoirí do Ghradam Uí Shúilleabháin agus do Ghradam Réics Carló i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, Dé Máirt 15 Samhain.
Tá grianghraif ón ócáid le feiceáil ar www.gaelport.com.
©Foilsithe ar Gaelport.com