Méid an Téacs

Stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht: Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011

Meitheamh 6, 2012

Foilsíodh staitisticí nua inniu a thugann léargas ar stádas na Gaeilge mar theanga labhartha sa Ghaeltacht. Bailíodh na staitisticí mar chuid de scéim labhairt na Gaeilge don scoilbhliain 2010/2011. Tháinig deireadh leis an scéim ag deireadh na scoilbhliana seo caite.

Rinne 3,370 teaghlach iarratas ar dheontas faoin scéim don scoilbhliain 2010/2011 agus thuill 2,760 teaghlach deontas faoin scéim – 2,322 teaghlach a thuill an deontas iomlán agus 438 teaghlach eile a thuill an deontas laghdaithe.

I gcomparáid leis an scoilbhliain roimhe sin, tháinig méadú beag ar líon na n-iarratasóirí agus tháinig laghdú beag ar líon na n-iarratasóirí rathúla.

Faoin scéim d’íoc an Roinn deontas in aghaidh na scoilbhliana le teaghlaigh sa Ghaeltacht má shásaigh siad an Roinn gurb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga labhartha agus go raibh an líofacht nádúrtha acu dá réir.

Bhí an scéim ar an bhfód ó na 1930í ach ceapadh go raibh easnaimh sa scéim agus tá molta ag an rialtas clár tacaíochta teaghlaigh a chur ar fáil ina háit.

Ar na heasnaimh ba mó a bhain leis an scéim,  luadh nár fhreastal sé ar pháistí ar aois réamhscoile agus nach raibh bunús  láidir teangeolaíoch leis. Thagair Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD don laige sin sa ráiteas a eisíodh inniu.

“Tá sé aitheanta go forleathan ar feadh i bhfad nach raibh Scéim Labhairt na Gaeilge, dá fheabhas í, ar an scéim ba éifeachtaí chun tacú leis an seachadadh teanga ó ghlúin go glúin. Aithníodh go príomha nach raibh mórán tionchair ag an scéim sin ar iompar teanga theaghlaigh na Gaeltachta a raibh páistí ag aois réamhscoile iontu”, a dúirt sé.

Os a choinne sin áfach bhí saineolaithe agus eagraíochtaí ag brath ar staitisticí na scéime mar shlat tomhais ar láidreacht agus laigí na teanga i gceantair Ghaeltachta.

I gCúige Chonnacht bhí laghdú beag ar líon na dteaghlach a rinne iarratas ar an scéim i gContae Mhaigh Eo agus d’éirigh le céatadán níos fearr an deontas a fháil.

I nGaillimh bhí titim beag ar líon na dteaghlach a fuair an deontas ó 1058 sa scoilbhliain 2010/2011 go 1025 teaghlach anuraidh.

Fuarthas níos mó iarratas i nDún na nGall an bhliain seo caite ná mar a bhí ann an bhliain roimhe sin agus bhí titim beag ar an líon teaghlach a thug an deontas leo.

I gCiarraí bhí méadú beag ar an lion teaghlach a chuir iarratas isteach ach ba figiúir seasmhach a bhí ann ó thaobh an líon teaghlach ar bronnadh an deontas orthu.

D’fhógair an Rialtas Scéim Tacaíochta Teaghlaigh ag tús mhí na Bealtaine Tá sé beartaithe ag an Roinn 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge.

D’eisigh an Roinn an chéad bhileog eolais a chuirfear ar fáil do theaghlaigh atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu agus beidh an Roinn ag cur pacáistí tacaíochta ar fáil ar iarratais ó thuismitheoirí.

D’fhoilsigh  The Irish Times tuairisc le déanaí áfach a thug le fios nach raibh ach 13 iarratas faighte ag an Roinn ó thuismitheoirí ag lorg an phacáiste eolais. Tá sé mar chuspóir ar an gclár nua seo go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus í threisithe mar theanga teaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht.

Foilsithe ar Gaelport.com