Méid an Téacs

Straitéis Gaeilge Glactha

Nollaig 3, 2010

Tá an Dréacht-Straitéis i leith na Gaeilge 2010-2030 glactha ag an rialtas agus súil go bhfoilseofar an Straitéis dheireanach roimh an Nollaig.

“Cibé cén rialtas a bheidh againn san athbhliain tá glacadh ginearálta faighte ag an Straitéis ón dá pháirtí a bhfuil súil lena bheith i rialtas, Fine Gael agus, go hindíreach, ag Páirtí an Lucht Oibre,” dar le Pádraig Ó hAoláin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Tuigtear go n-athrófar Údarás na Gaeltachta go hÚdarás na Gaeltachta agus na Gaeilge ach is ar Fhoras na Gaeilge a thiteann an dualgas ‘uile-oileánda’ chun an Ghaeilge a chur chun cinn faoi láthair, mar sin an mbeidh an dá eagraíocht ag teacht salach ar a chéile?
“Is é an tuiscint atá againn ná go mbeidh Foras na Gaeilge ag plé go sonrach le cúramaí teanga trasteorann agus go mbeidh Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta ag plé go sonrach le tograí nua teanga sa 26 contae,” a deir Ó hAoláin.

Chomh fada agus a bhaineann sé le Foras na Gaeilge is eagraíocht, “uile-oileánda muid agus níl aon rud socraithe go fóill faoin straitéis ach tá conradh idirnáisiúnta againne agus ní fheicim go dtiocfaidh aon athrú ar rudaí mar atá siad,” a deir Ferdie Mac an Fhailigh, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.

Cé go bhfuil Pádraig Ó hAoláin ar tí a thréimhse mar phríomhfheidhmeannach a chríochnú ar an 31 Nollaig níl sé ceadaithe go fóill ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta go gceapfaí príomhfheidhmeannach eile ina áit.

Síleann Pádraig Ó hAoláin go bhfuil sé iontach tábhachtach go bhfuil an Straitéis anois beannaithe ag an rialtas agus cé go mbeidh impleachtaí ag ciorruithe Phlean Téarnaimh an rialtais ar an roinn tá sé curtha in iúl aige don Aire Pádraig Ó Ciardha nach mbeidh aon ghá le caiteachas mór sa chéad dá bhliain den Straitéis nuair a dhéanfar an réamhullmhúchán.

“Tá litir faighte agam ón Aire Ó Ciardha go bhfuil sé ag tógáil mo mholtaí ar bord, gur tar éis an chéad dá bhliain a bheidh gá le fás céimnithe ar chaiteachais ar an Straitéis. Tá a lán sonraí fós le plé ó thaobh athstruchtúrú an Údaráis, na sonraí faoi acmhainní, sonraí faoi oiliúint agus an lárionad feabhais agus an mbeidh ról ag na comharchumainn agus cén ról a bheidh acu amach anseo. Tá gá le soiléiriú ar an athstruchtúrú an ról an Údaráis san athbhliain.”

Beidh cúramaí fiontraíochta agus fostaíochta ag fanacht le hÚdarás na Gaeltachta agus na Gaeilge. Faoi Phlean Téarnaimh an rialtais 2010-2014 tá sé i gceist go ngearrfar buiséad reatha agus caipitil na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta 10% nó timpeall €38 milliún agus tá ciorruithe ar bhuiséad an Údaráis fós le cinntiú agus na himpleachtaí a bheidh aige seo ar chúramaí an Údaráis.

Is ar an Aoine seo chugainn a bheidh an chéad chruinniú boird eile ag an Údarás agus tá súil go mbeidh réiteach ar cheist an phríomhfheidhmeannaigh, is é sin, príomhfheidhmeannach, nó príomhfheidhmeannach eatramhach fiú, a cheadú.

Mar chuid de shonraí na straitéise atá ar eolas againn:
• Beidh sainmhíniú nua ar an nGaeltacht agus Aire agus Roinn faoi leith ann don Ghaeilge.
• Tar éis plé fadálach ar an sprioc a bhí leagtha síos gur cheart go dtiocfadh méadú 250,000 ar líon na gcainteoirí laethúla faoi 2030, is é an sprioc anois atá aontaithe ná go dtiocfadh ardú 25% ar líon na gcainteoirí laethúla.
• Beidh athbhreithniú á dhéanamh ar an sprioc seo gach seacht mbliana. Is taobh amuigh den chóras oideachais atá i gceist leis na cainteoirí laethúla seo.
• Tá sé i gceist faoin Straitéis go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcóras oideachais agus go mbeadh measúnú bliantúil ar an Ghaeilge i scoileanna na tíre chomh maith le cúntóirí teanga i ngach scoil lán-Ghaeilge.
• Níl sé i gceist ach an oiread go mbeadh dhá ábhar Gaeilge ann don Ardteist, is é sin ábhar amháin a bheadh feiliúnach d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus ábhar eile do chainteoirí dúchasacha nó d’ardchaighdeán Gaeilge.

Is é an tAire Éamon Ó Cuív a chur tús le Dréacht-Straitéis na Gaeilge, an tAire Pádraig Ó Ciardha a lean ar aghaidh leis an obair chun an Dréacht-Straitéis a chinntiú ach beidh le feiceáil cén tAire Gaeilge a bheidh i mbun é a chur i bhfeidhm.

Gaelscéal – Treasa Bhreathnach
03 Nollaig 2010