Méid an Téacs

Suas le 40 Gaelscoil chun múinteoirí a chailleadh

Márta 21, 2011

“ARDAÍONN an cinneadh seo ceisteanna arís maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais. Is buille marfach i ndiaidh buille marfach atá ag teacht” – Mícheál Ó Broin

Tá sé fógartha ag an rialtas go mbeidh deireadh á chur leis an socrú cóimheas daltaí le múinteoir atá i bhfeidhm i nGaelscoileanna faoi láthair. Tá sé beartaithe go mbeidh Gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna Béarla, ó mhí Mheán Fómhair 2011. Is drochnuacht é seo do go leor múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus scoileanna, agus beidh poist á gcailleadh mar gheall air. Beidh tionchar aige ach go háirithe ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil idir triúr agus ochtar múinteoir acu. Tá feachtas seolta ag Gaelscoileanna Teo, darb ainm ‘Cosain an Cóimheas!’, le dul in aghaidh mhian an rialtais ó thaobh na nGaelscoileanna de. Tá siad i ndiaidh dul i dteagmháil leis na Teachtaí Dála ar an gceist seo agus chomh maith leis sin tá Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) ar an eolas faoin bhfadhb, agus beidh siadsan ag bualadh leis an Roinn Oideachais go luath. Tá Gaelscoileanna Teo ag súil le cruinniú a eagrú leis an Roinn iad féin go luath freisin, agus leis an Aire Oideachais nua, Ruairí Quinn TD.

Faoin gcóras nua, tá suas le 31 scoil a chaillfidh múinteoir amháin, caillfidh ceithre scoil eile beirt mhúinteoir agus beidh ar na príomhoidí filleadh ar ais ar an seomra ranga i gcás sé scoil. Ardófar líon na ndaltaí sna ranganna agus beidh go leor ranganna measctha ann le líon ard daltaí iontu dá bharr. Bheadh ar roinnt scoileanna idir 17-23 dalta sa bhreis a thabhairt isteach sa scoil i Meán Fómhair 2011 leis na múinteoirí thuasluaite a choimeád, líon nach bhfuil réadúil dóibh mar nach scoileanna atá ag forbairt atá iontu den chuid is mó. Ag seoladh an fheachtais in aghaidh na n-athruithe seo, in Áras na Comhdhála, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Dé Máirt, labhair Uachtarán Gaelscoileanna Teo, Mícheál Ó Broin, faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair agus é á chosaint. “Faoin gcóras reatha tá cur chuige i bhfeidhm a aithníonn na dúshláin bhreise atá ag na Gaelscoileanna, atá beag, trí chóimheas daltaí le múinteoir a cheadú atá níos fabhraí ná an gnáthchóimheas,” a dúirt sé. “D’aithin an córas reatha na dúshláin bhreise atá le sárú sna Gaelscoileanna, ar a náirítear cur i bhfeidhm curaclaim iomláin trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ceadaíodh an cóimheas mar léiriú ar an riachtanas a bhaineann le caomhnú agus le láidriú an chórais tumoideachais agus sainmheon na Gaeilge sna scoileanna a chosaint. Bhí bunús láidir oideachasúil agus teangeolaíochta leis an gcóimheas a bheith níos fabhraí. Tá cinneadh na Roinne an cóimheas a athrú bunaithe ar réasúnaíocht airgeadais amháin seachas réasúnaíocht oideachasúil.”

I láthair ag an ócáid Dé Máirt bhí Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta i nGaelscoil Phádraig i mBaile Breac, Co. Átha Cliath, Hilda de Róiste. “De réir an sceidil nua do cheapachán múinteoirí ó Mheán Fómhair 2011, caillfimid post amháin agus bhíomar ag súil go mbeimis i dteideal múinteoir breise a fhostú i Meán Fómhair 2011 bunaithe ar na seanfhigiúirí,” ar sí. “Tá forbairt agus fás tagtha ar Ghaelscoil Phádraig in ainneoin cuid mhaith deacrachtaí ar nós easpa aitheantais ar feadh dhá bhliain, easpa airgid agus easpa foirgnimh. Táimid i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste agus níl stádas DEIS againn, cé go bhfuil sé ag na scoileanna eile sa cheantar. Táimid fós lonnaithe i suíomh beag sealadach i seomraí réamhdhéanta, agus anois, tagann buille uafásach eile! Níl sé seo cothrom in aon chor. Conas is féidir le héinne a rá go bhfuil sé inghlactha iarraidh ar scoileanna 20 páiste sa bhreis a thógáil isteach i Meán Fómhair 2011, in aon bhuille amháin, lena gcuid múinteoirí a choinneáil? Conas is féidir leis an Roinn é sin a chosaint? Is ionsaí é an cinneadh seo ar an nGaelscolaíocht a bhréagnaíonn ráitis an Rialtais go bhfuil tábhacht agus éifeacht ag baint leis na scoileanna lán-Ghaeilge. Ba chóir don Roinn an cinneadh seo a aistarraingt láithreach.”

Athrú radacach, tromchúiseach atá san athrú seo a fhágfaidh scoileanna le caillteanas foirne, ranganna móra agus laghdú iomlán ar eispéireas éifeachtach foghlama an pháiste. Dar le Gaelscoileanna Teo, beidh ‘impleachtaí tromchúiseacha’ ag an athrú ar fhostaíocht múinteoirí. Is é Caoimhín Ó hEaghra atá ina Ard-Rúnaí ar Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, agus cháin seisean freisin cinneadh an rialtais. “Braitheann ár scoileanna go bhfuil neamhaird agus ionsaí á dhéanamh ag an Roinn orthu. Má leantar leis seo caillfidh múinteoirí poist agus níl painéal ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna do scoileanna an Fhorais Pátrúnachta fós, cé gur aontaíodh i bprionsabal leis an Roinn go gcruthófaí painéal don Fhoras in 2004. Má chuirtear é seo in éineacht leis an easpa cóiríochta atá ag tromlach de na scoileanna, ardaítear ceisteanna maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais. Tá an Foras Pátrúnachta tiomanta chun cinntiú nach ndéantar dochar don oideachas lán-Ghaeilge agus táimid ag tacú go láidir leis an bhfeachtas seo,” a dúirt sé. D’éiligh Mícheál Ó Broin cothrom na féinne don ghaelscolaíocht agus ‘beart de réir briathair’ ón Rialtas. “In ainneoin na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a d’aithin ról lárnach na nGaelscoileanna, tá tacaíocht á bhaint ón earnáil seachas tacaíocht bhreise a bheith tugtha mar ba chóir,” ar sé. “Ardaíonn an cinneadh seo ceisteanna arís maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais. Is buille marfach i ndiaidh buille marfach atá ag teacht. Ní hamháin go bhfuil na Gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus do-ghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos leis arís. Éilím ar an Aire nua an cinneadh leatromach seo a aisiompú láithreach agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaelscolaíocht.”