Méid an Téacs

Suíomh ceadaithe do Ghaelscoil le freastal ar 700 dalta

Iúil 14, 2010

Bhí muintir Charraig Uí Leighin i gContae Chorcaí ag ceiliúradh an tseachtain seo caite.  Fógraíodh gur tugadh cead do choiste áitiúil suíomh a cheannach ar imeall an bhaile,  mar a bhfuiltear ag súil Gaelcholáiste nua a bhunú.

Anuas air sin, meastar go mbeidh sé ar cheann de na hionaid ghaelscolaíochta is mó sa tír má shocraíonn an Ghaelscoil áitiúil, Gaelscoil Charraig Uí Leighin bogadh ann. Thug an tAire Oideachais, Mary Coughlan, T.D.  cead don choiste  suíomh ilfheidhmeach 21 acra a fhorbairt, ar a lonnófar an Gaelcholáiste, bunscoil agus scoil do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

De réir na bpleananna atá forbartha ag an gcoiste, beidh an suíomh in ann freastal ar 700 mac léinn.
Thug an tUasal  Noel O’Regan, Cathaoirleach an choiste le fios go bhfuil éileamh mhór ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge sa dhúiche. “Tá breis agus 460 mac léinn cláraithe ag a dtuismitheoirí leis an scoil nua.” Dar le O’Reagan. Lean an Cathaoirleach leis á rá “Léiríonn sé seo go soiléir go dteastaíonn oideachas trí mheán na Gaeilge ó thuismitheoirí agus páistí Charraig Uí Laighin agus na bunscoileanna sa cheantar máguaird.”

Le tamall de bhlianta anuas, tá méadú mór tagtha ar an líon daoine atá ina gcónaí sa cheantar de bharr go bhfuil sé i ngar do Chathair Chorcaí. Tá an Ghaelscoil áitiúil ag ceiliúradh fiche cúig bliain ar an bhfód i mbliana agus de réir mar a mhéadaíonn an daonra áitiúil, tá ballraíocht na scoile ag méadú leis. Bunscoil dhá sheomra a bhí ann ag an tús ach tugadh cead foirgneamh nua deich seomra a thógáil sa bhliain 2001.

Foinse
14 Iúil 2010