Méid an Téacs

Teorainn ar fhás na meánscolaíochta ó Thuaidh?

Feabhra 27, 2013

Scoilteanna Idé-eolaíocha, bacanna á gcur ar iarrachtaí scoileanna néamhspleacha á mbhunú, sruthanna á mbunú i meánscoileanna Béarla; ní bheidh ann sa deireadh leis an meánscolaíocht lán-Ghaeilge ach eireaball ruball ar an chorás Bhéarla?

Níl aon amhras ach go bhfuil fás na meánscolaíochta i bhfad taobh thiar den fhorbairt atá tagtha ar an Ghaeloideachas ag leibhéal bunscoile agus naíscoile.Faoi láthair is é Coláiste Feirste, i mBéal Feirste, an t-aon mheánscoil lán-Ghaeilge ‘saor scartha’ ó Thuaidh, a bhfuil 541 dalta ag freastal uirthi. Go dtí seo, tá teip ar dhá iarracht meánscoil neamhspleách lán-Ghaeilge a bhunú i nDoire agus i dTír Eoghain.

Tá trí mheánscoil aitheanta ag an Roinn Oideachais mar shruthanna san am i láthair, a chuireann roinnt ábhar ar fáil trí mheán na Gaeilge; Coláiste Chaitríona in Ard Mhaca, Scoil Iósaef i dTír Eoghain agus Ardscoil Mhaolmhaodhóg i gCo. an Dúin. Ó 2005, tá Coláiste Phádraig i gCo. Dhoire ag cur roinnt ábhar ar fáil trí mheán na Gaeilge chomh maith, gan aon aitheantas ón Roinn Oideachais.

De réir figiúirí atá bailithe ag Gaelscéal, tá 256 dalta ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge i roinnt ábhar ón chéad bhliain suas go dtí an cúigiú bliain i sruthanna sna Sé Chontae. Tá soláthar níos leithne ar fáil do dhaltaí ón chéad bhliain suas go dtí an tríú bliain (‘Eochair Chéim’ 3), le 5-10 n-ábhar/35-65% á chur ar fáil i nGaeilge, ag brath ar an scoil ar leith. Cuirtear deich n-ábhar go dtí an triú bhliana agus ceithre ábhar ar fáil ag leibhéal GCSE i gColáiste Chaitríona, an t-aon sruth a chuireann oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil ag leibhéal GCSE.
Bunaíodh an sruth i gColáiste Caitríona in 2002 agus tá 144 dalta cláraithe ann faoi láthair, an sruth is mó ó thaobh líon na ndaltaí de agus na n-ábhar a dhéantar trí mheán na Gaeilge. Cé go gcuireann an Roinn Oideachais síos ar Choláiste Chaitríona mar ‘shruth’, aithnítear mar ‘aonad’ é go coitianta, mar go bhfuil a ionad féin aige atá scoilte amach ón mháthairscoil, rud nach bhfuil amhlaidh i gcás na sruthanna eile.
Cuireadh tús leis an sruth Scoil Iósaef in 2010 agus tá an sruth in Ardscoil Mhaolmhaodhóg ag feidhmiú ó 2011. Tá Coláiste Phádraig ag reáchtáil sruth Gaeilge le hocht mbliana anuas, ach gan aitheantas níl d’acmhainn ag an scoil aon soláthar a chur ar fáil ag leibhéal GCSE. Níl sólathar ar bith sna haonaid Ghaeilge ar mhaithe le hábhar A-Leibhéal.

“Gan aitheantas ní féidir linn ach soláthar oideachais teoranta a chur ar fáil. Go dtí go bhfaighidh muid aitheantas ní thig linn múinteoirí eile a fhostú chun cur leis na hábhar atá ar fáil i nGaeilge,” a dúirt Rónán Ó Dónaill, múinteoir Gaeilge atá i bhfeighil an tsrutha i gColáiste Phádraig.

Dar le Seamús Mac Seáin, gníomhaire teanga iomráiteach as Béal Feirste, tá sruthanna ag cur “sceach i mbéal bearna” agus tá siad “le moladh go mór as roinnt ábhar a chur ar fáil i nGaeilge.”

Ach, maíonn sé gur “mór an difear idir sin agus coláiste cosúil le Coláiste Feirste”, a bhfuil 26 ábhar ar fáil suas go dtí leibhéal GCSE agus 19 ábhar ag A-Leibhéal, iad uilig trí mheán na Gaeilge.
Creideann Tomás Ó Donnghaile, duine de bhunaitheoirí Mheánscoil Dhoire, meánscoil a bhí ag feidhmiú idir 1994-2006, go bhfuil sé soiléir nach bhfuil ag éirí le polasaí Chomhairle na Gaelscolaíochta agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus go bhfuil easnaimh mór ann maidir leis an bhfreastal atá á dhéanamh ar pháistí gaelscoile, “a bheas i gcónaí ag bogadh i dtreo oideachais darna leibhéal.”
I ráiteas a chuir Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) chuig Gaelscéal dúradh : “Aithníonn CnaG gur an soláthar saor scartha an múnla is oiriúnaí faoi láthair go fadtréimhseach agus go mbunaítear múnlaí scoile ag gach leibhéal de réir éilimh agus de réir an mhúnla is cirte scoile don cheantar.” “Tá CnaG aontaithe ar ‘phrótacail chun sruthanna iar-bhunscolaíochta a fhorbairt ina scoileanna saor scartha. Tabharfar faoi seo i gceantair a bhfuil sruthanna ann ag an iarbhunleibhéal.’
Ach tá cuid mhór deacrachtaí a bhaineann le sruthanna agus aonaid, dar le Tomás Ó Donghaile, mar go mbíonn siad ag brath go mór ar an mháthairscoil Béarla.

“I dtaca le mo thaithí féin, tá an polasaí mícheart in úsáid. Is céad chúram na máthairscoileanna Béarla forbairt agus fás á scoileanna féin. Is guth beag fann a bheadh ag urlabhraí an aonaid Gaeilge i dtaca le pleanáil, forbairt agus caiteachas maoine, i measc bhord gobharnóirí na máthairscoile.”

Tá taithí praiticiúl ag Ó Donghaile ar an mhéid sin agus é lárnach sna hiarrachtaí chun Meánscoil Dhoire a fhorbairt. Bunaíodh Meánscoil Dhoire in 1994, le hiarrachtaí tuismitheoirí, agus bhí sí ag feidhmiú gan aitheantas ar feadh sé bliana. Sa bhliain 2000, bhronn an Roinn Oideachais aitheantas agus maoin ar an scoil ar acht go rachadh an scoil faoi bhainistíocht Mheánscoil Bhríde, scoil áitiúl a raibh aitheantas aici cheana. Bhí 51 dalta cláraithe leis an sruth a bhí ag feidhmiú i Meánscoil Bhríde i 2002 agus in 2006, d’fhogair bord bainistíochta na scoile nach mbeadh siad ag glacadh le daltaí don sruth.

Chomh maith leis na fadhbanna a bhaineann leis an bhainistiú, tá laigí ag na haonaid ó thaobh na Ghaeilge a fhorbairt mar ghnáth-theanga labhartha. Tá sé ráite ag Muireann Ní Mhóráin as COGG, “ní éiríonn le haonaid, (seachas nuair a bhíonn siad scoite amach ón mháthair-scoil) ná le sruthanna oideachas Gaeilge agus tá teipthe ar aonaid agus sruthanna thar na blianta.

“Ní bhíonn iontu i ndeireadh an lae ach grúpa faoi leith daltaí a dtagann múinteoirí chucu á dteagasc trí Ghaeilge ach feidhmíonn an scoil trí mheán an Bhéarla – an príomhoide go minic gan Gaeilge, oifig riaracháin, fógraí ar challaire, ceaintín, foirne peile agus a leithéid. Dá bharr sin, ní bhíonn aon Ghaeilge, de ghnáth, thar tairseach na seomraí ranga.”

Tá taighde díreach coimisiúnaithe ag COGG agus Comhairle na Gaelscolaíochta agus Foras na Gaeilge ar ábhar bainteach leis seo – ar sholáthar oideachas trí Ghaeilge sna múnlaí éagsúla – scoil neamhspleách, aonad nó sruth.

Sainmhíniú ar mhúnlaí scoile ó Chomhairle na Gaelscolaíochta

– Scoileanna lán-Ghaeilge Saorscartha: idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna: Is í an aidhm atá acu ná suíomh lántumtha a sholáthar do na páistí nach máthairtheanga an Ghaeilge dóibh, de réir mar a thugtar oideachas dóibh, mar a fhásann siad agus mar a fhorbraíonn siad.

– Aonaid lán-Ghaeilge ag bunscoileanna: Bíonn na cinn seo ceangailte le scoil lán-Bhéarla óstach, go tipiciúil nuair nach mbíonn go leor daltaí ann chun scoil neamhspleách a bhunú. Is í an aidhm atá acu seo fosta ná eispéireas an tumoideachais a sholáthar do pháistí nach bhfuil an Ghaeilge ina máthairtheanga acu, agus an teagasc go léir san aonad á dhéanamh trí mheán na Gaeilge de ghnáth.

– Sruthanna lán-Ghaeilge ag iar-bhunscoileanna lán-Bhéarla: Sa socrú seo foghlaimíonn grúpa daltaí cuid dá n-ábhair trí mheán na Gaeilge, agus cuid eile trí mheán an Bhéarla. Is cur chuige páirt-thumtha é seo do phaistí nach bhfuil an Ghaeilge ina máthairtheanga acu a aistríonn ó sholáthar na gaelscolaíochta.

www.gaelsceal.ie