Méid an Téacs

Thriomaigh an fhoinse

Meán Fómhair 16, 2013

Chríochnaigh Foras na Gaeilge a chonradh le Foinse ceithre bliana ó shin.

Bhí an Foras míshásta maidir le díolachán, de réir cosúlachta. Thaitin Foinse go mór liomsa: bhí scríbhneoirí den scoth ag an pháipéar agus uaireanta fuair tú scéalta nach bhfuair tú i nuachtán ar bith eile. De réir mo bharúlasa, ní raibh Gaelscéal, an páipéar a tháinig ina dhiaidh, leath chomh maith is a bhí Foinse. Níor díoladh ach thart fá 1,400 cóip sna siopaí, de réir dealraimh. Ach tháinig Foinse ar ais mar fhorlíonadh san Irish Independent gach Céadaoin. Paipéar an-mhaith a bhí ann. Tá an ceart agat: aimsir chaite. Bhí fógra ar shuíomh Idirlín Foinse.ie an tseachtain seo caite ag rá nach mbeadh an t-eagrán clóite de Foinse ar fáil as seo amach. Tá seirbhís Idirlín Foinse ar fáil go fóill. Áis den scoth atá ann: tugtar sé no seacht bpíosa nuachta ar an suíomh i nGaeilge ghlan agus tugtar cuidiú do dhaoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu. Rinne Emer Ní Chéidigh agus a foireann an-jab. Bhí cuma an-phroifiseanta ar an pháipéar bheag. Mhéadaigh an lucht léitheoireachta 350% ! Thosaigh daoine óga ag léamh nuachtán Gaeilge den chéad uair.

Áis den scoth a bhí san eagrán clóite – áis d’fhoghlaimeoirí go háirithe. Ach anois níl nuachtán Gaeilge againn. Ní bheidh múinteoir Gaeilge ábalta nuachtán a thaispeáint dá rang le pointe a léiriú. An bhfuil tír eile sa domhan nach bhfuil nuachtán aici sa chéad teanga náisiúnta? Nach fimínigh muid? Nach ceap magaidh í Éire? Táimid ag lorg stádas oifigiúil don Ghaeilge agus nílimid in ann nuachtán seachtainiúil a chur le chéile fiú. Thiocfadh le foireann bheag – seisear b’fhéidir – páipéar maith a chur amach gach seachtain. Tá na scríbhneoirí againn. Ach tá siad dífhostaithe. An mbeidh glúin eile de scríbhneoirí Gaeilge againn? An bhfuilimid sásta leis na liarlóga Béarla? (‘No fun, no Sun’). Ar chaill muid ár ndínit ar fad? An rachaidh an Ghaeilge bóthar na Laidine: teanga bheo – ábhar scoile – cuid de staidéir chlasaiceacha – as radharc?